Uasghrádú Thimpeallán na Máirtíneach

  • ORDÚ LUASTEORAINN OIBREACHA BÓTHAIR - COMHAIRLE CATHRACH NA GAILLIMHE (22.02.2022) 

Bóthar – R446 Timpeallán na Máirtíneach Gaillimh (idir Timpeallán an Chúil Each agus an bóthar isteach soir chuig Acomhal na Máirtíneach ón Órán Mór)

Luasteorainn I bhFeidhm - 80 ciliméadar san uair & 50 ciliméadar san uair

Fad - Ón Luan 28ú Feabhra go dtí an 5ú Lúnasa 2022

Fógra Iomlán:
Tá oibreacha bóthair ar an R446, Uasghrádú Timpeallán na Máirtíneach, agus Gaillimh (idir Timpeallán an Chúil Each agus an bóthar isteach soir chuig
Acomhal na Máirtíneach ón Órán Mór) fós ar siúl.

Tugtar fógra leis seo, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí atá dílsithe faoi Alt 10 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2004, agus ar mhaithe le sábháilteacht ar
bhóithre, gurb iad seo a leanas na luasteorainneacha d’Oibreacha Bóthair le haghaidh feithiclí inneallghluaiste ar na bóithre sonraithe ón 14ú Feabhra
2022 go dtí an 5ú Lúnasa 2022 nó cíbe dáta níos luaithe a chinnfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

An Chéad Sceideal
Beidh 80 ciliméadar san uair mar Luasteorainn Oibreacha Bóthair le haghaidh feithiclí inneallghluaiste ar na bóithre mar a shonraítear leis seo.
R446 soir ó phointe 80m ó dheas de Thimpeallán an Chúil Each ar feadh achair thart ar 170m

An Dara Sceideal
Beidh 50 ciliméadar san uair mar Luasteorainn Oibreacha Bóthair le haghaidh feithiclí inneallghluaiste ar na bóithre mar a shonraítear leis seo.

R446 soir ó phointe 250m ó dheas de Thimpeallán an Chúil Each ar feadh achair thart ar 1200m.

R446 siar ó phointe 880m soir ó Thimpeallán na Máirtíneach ar feadh achair thart ar 1400m.

Déantar é seo chun sábháilteacht oibrithe bóithre agus tiománaithe a fheabhsú le linn na n-oibreacha. Beidh an laghdú sa Luasteorainn Oibreacha
Bóthair ó 80 ciliméadar san uair go 50 ciliméadar san uair i bhfeidhm ón Luan 28ú Feabhra, 2022 go dtí Dé hAoine 5ú Lúnasa 2022 nó cíbe dáta níos
luaithe a chinnfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Is féidir uiríll ar an ábhar seo a dhéanamh i scríbhinn chuig: Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, An Roinn Iompair agus Bonneagair, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.

Ordu Luasteorainn Oibreacha Bothar - Uasghrádú Timpeallán na Máirtíneach Feabhra 2022

 

  • Uasghrádú Acomhal Thimpeallán na Máirtíneach – Obair Thógála ag tosú ar an 24 Eanáir 2022

Cúis áthais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair, a fhógairt go bhfuil tús á chur leis an obair thógála a bhaineann le Tionscadal Uasghrádaithe Acomhal Thimpeallán na Máirtíneach, ón 24 Eanáir 2022.

Mar thoradh ar an uasghrádú seo athrófar timpeallán na Máirtíneach go hacomhal faoi rialú soilse tráchta le 4 ghéag, agus cuirfear lánaí rothar, bearta tosaíochta bus, cosáin agus tírdhreachú gaolmhar ar fáil. Táthar ag súil go gcuirfear an obair thógála i gcrích thar thréimhse 6 mhí.

Beidh bearta suntasacha bainistíochta tráchta i bhfeidhm mar chuid den scéim, a chuirfear i gcrích i gcéimeanna éagsúla. Táthar ag súil le moilleanna ar an sruth tráchta, ach cinnteofar nach gcuirfear isteach ar chúrsaí tráchta ach amháin nuair is gá. 

Tá sé beartaithe tús a chur leis na hoibreacha ar an láithreán an tseachtain dar tús an 24 Eanáir, tráth a gcuirfear tús leis an láithreán a ghlanadh. Tá Fox Building and Engineering Ltd ceaptha chun na hoibreacha a dhéanamh.
Tá mionsonraí an acomhail nua le fáil ag www.galwaycity.ie/MartinJunction


Foilseofar nuashonruithe, lena n-áirítear eolas maidir le bainistíocht tráchta, ar shuíomh gréasáin agus ar mheáin shóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, seiceáil
Suíomh Gréasáin - www.galwaycity.ie
Facebook @GalwayCityCouncil
Twitter @GalwayCityCo

Tá an tionscadal seo á mhaoinú ag an gCiste um Athnuachan & Forbairt Uirbeach (URDF) agus ag an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA).

General Arrangement Liniocht - Eanair 2022

 

  • Tuairiscí (Meán Fomhair 2021)

 

Uasghrádú Thimpeallán na Máirtíneach - Environmental Impact Assessment Screening Report

Uasghrádú Thimpeallán na Máirtíneach - Appropriate Assessment Screening Report

 

  • Nuashonrú ar Thimpeallán na Máirtíneach (Iuil 2021)

Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe nuashonrú a sholáthar ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ar uasghrádú acomhal Thimpeallán na Máirtíneach, do chónaitheoirí in Eastát Dhurabháin.

Baineann an nuashonrú seo le hoibreacha a bheartaítear feadh na teorainn ar thaobh an bhóthair atá ann cheana féin in Eastát Dhurabháin.

Tugadh le fios sa nuashonrú a d’eisíomar i bhFeabhra 2021 gur bhain uasghrádú Acomhal na Máirtíneach an chéim ‘Dearadh Mionsonraithe’ amach.

Faoi mar ar tugadh cuntas air sa nuashonrú deireanach, cuirfear áiseanna do choisithe agus rothair ar fáil ag an acomhal. Chun na cosáin agus na lánaí rothar a sholáthar ar Sheanbhóthar Bhaile Átha Cliath, teastaíonn athruithe ar an teorainn reatha ar Sheanbhóthar Bhaile Átha Cliath – taobh le hEastát Dhurabháin.

Tugtar sonraí breise faoi na hathruithe a bheartaítear as bhileog seo (tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil an bróisiúr seo leagtha amach chun priontáil i bhformáid 'Z') agus sa ghrafaicí seo. 

 Feach ar an suíomh gréasáin le do thoil chun an t-eolas is déanaí a fháil.

 

  • Nuashonrú ar Thimpeallán na Máirtíneach (Feabhra 2021)

    Íomhá Thimpeallán na Máirtíneach
    le

    Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe an scéala is déanaí a eisiuint ar an dul chun cinn atá déanta chun acomhal Thimpeallán na Máirtíneach a uasghrádú. Is é cuspóir na scéime seo:

    • Timpeallacht bhreisithe níos sábháilte a sholáthar do choisithe agus do rothaithe, ag ceangal Ros Cam agus Dabhach Uisce le Clinic na Gaillimhe agus na hArdáin
    • Tacú le forbairt limistéar Phlean Limistéar Áitiúil na nArdán;
    • Áiseanna breisithe iompair phoiblí a sholáthar ag an acomhal.

    Cad atá déanta go dtí seo Ón gCiste um Athghuiniúint Uirbeach agus Forbairt agus ón Údarás  Náisiúnta Iompair  a fuarthas an maoiniú chun an tionscadal a chur ar aghaidh mar Chéim 1 d’Uasghrádú Iompair na nArdán i Samhain 2018.  Cuireadh tús le céim an réamhdhearaidh in 2019. In Iúil 2019 sheol Comhairle Cathrach na Gaillimhe próiseas comhairliúcháin phoiblí inar iarradh ar an bpobal aighneachtaí a dhéanamh mar gheall ar an uasghrádú atá beartaithe. Leasaíodh an réamhdhearadh nuair ba ghá i bhfianaise na n-aighneachtaí sin.

    Na chéad chéimeanna eile

    Tá Timpeallán na Máirtíneach ag céim an dhearaidh mhionsonraithe anois agus tá an tógáil sceidealta le tosú níos déanaí i mbliana. Cuirfear scéala faoi thosú na tógála chuig cónaitheoirí sa cheantar ar na meáin shóisialta agus ar galwaycity.ie.

  • Fíor 01 - Léarscáil Suímh
    Tá Timpeallán na Máirtíneach suite ar imeall thoir Chathair na Gaillimhe ag an acomhal idir débhealach an R446 (an sean-N67) agus Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath. Tá sé teorannaithe ag limistéir chónaithe Ros Cam (ó dheas), Dhabhach Uisce (soir ó thuaidh) agus Na nArdán (ó thuaidh). Tá Na hArdáin, a fheicfear haitseáilte ar an léarscáil, ainmnithe faoi Atógáil na hÉireann – Plean Gníomhaíochta don Tithíocht agus don Easpa Dídine mar Láthair Seachadta don Mhórthithíocht Uirbeach. Baineann an t-uasghrádú beartaithe ar Thimpeallán na Máirtíneach, mar atá, le Céim 1 d’Uasghrádú Iompair na nArdán, atá riachtanach chun tacú le forbairt an cheantair seo amach anseo.

  • Íoslódálacha