Tithíocht Inacmhainne

Tithíocht Inacmhainne

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag déanamh dul chun cinn i láthair na huaire ar sholáthar na Tithíochta Inacmhainne.

Déanfar na scéimeanna ina bhfuil Tithíocht Inacmhainne ar fáil a fhógairt go poiblí ar shuíomh Gréasáin an Údaráis Áitiúil, sna nuachtáin áitiúla agus sna meáin shóisialta.

 

Cad is Tithíocht Inacmhainne ann?

    • Tá an Socrú Ceannaigh um Thithíocht Inacmhainne leagtha amach sa reachtaíocht agus sna rialachán.
    • Séard is scéim tithíochta inacmhainne ann ná clár ina dtugann an tÚdarás Áitiúil cúnamh do dhuine an phobail aonad tithíochta a cheannach trí chéatadán den teach á cheannach aige féin.
    • Féachann an scéim seo le dul i ngleic le bearna na hinacmhainneachta atá ann agus teach á fháil. Baineann sí leis na teaghlaigh nach féidir leo, tar éis úsáid a bhaint as a gcomh-éarlais agus a n-uasmhorgáiste ceadaithe, an teach a íoc ar luach margaidh oscailte aige.
    • Athraíonn céatadán an chothromais a cheannaíonn an tÚdarás Áitiúil de réir chumhacht ceannaigh an iarrthóra.

 

Cé leis a bhaineann an Scéim?

    • Tá an scéim seo dírithe ar cheannaitheoirí céaduaire. Baineann sí freisin le hiarrthóirí an ‘atosú úr’:
      • Tá tú tar éis colscartha, scartha nó críochnú an chaidrimh
      • Tá tú tar éis dócmhainneacht aphearsanta nó féimheachta
    • Baineann an scéim le tithe agus árasáin nuathógtha.
    • Déantar gach iarrthóir a mheas agus caithfidh sé critéir áirithe, a leagfar amach roimh an iarratas á dhéanamh aige, a chomhlíonadh .
    • Séard atá sa tacaíocht atá á chur ar fáil ag an údarás áitiúil ná sciar cothromais idir 5% agus 40% den teach.
    • Beidh ar gach iarrthóir uas-tharraingt anuas a chuid mhorgáiste a fháil (4 oiread ioncam an teaghlaigh, ó bhanc rannpháirteach, de réir rialacha macrastuamachta an Bhainc Ceannais).
    • Má dhíolann tú an réadmhaoin laistigh de 20 bliain, beidh ort céatadán den phraghas díola a íoc ar ais leis an údarás áitiúil. Féach an nasc maidir le “Aisghlámadh”. Living in an Affordable Home | The Housing Agency

 

B'fhéidir go mbeadh an t-iarratasóir in ann leas a bhaint as an gcúnamh seo a leanas:

Iasacht Tí Údaráis Áitiúil:  https://localauthorityhomeloan.ie/

Cabhair le Ceannach:    Help to Buy Scheme

Tá tuilleadh faisnéise agus eolas faoi ríomh an ioncaim ar fáil ar shuíomh Gréasáin na Gníomhaireachta Tithíochta ag  https://www.housingagency.ie/