Uasghrádú ar Acomhal an Chorráin/Bhóthar na Mara
AN tACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000 (arna leasú)
RIALACHÁIN PLEANÁLA AGUS FORBARTHA 2001 (arna leasú) (Cuid 8)
Uasghrádú ar Acomhal an Chorráin/Bhóthar na Mara
Iarrthóir: Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Suíomh: R337 Ascaill an Athar Uí Ghríofa ag leanúint ar aghaidh feadh an R337 (An Corrán) suas go dtí Acomhal an R864 Bóthar Naomh Muire.
Togra: De réir Chuid XI de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) agus Cuid VIII, Airteagal 81 de na Rialacháin um Fhorbairt Pleanála 2001 (arna leasú), fógraíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe leis seo faoin togra chun uasghrádú a dhéanamh ar acomhail agus ar áiseanna na gcoisithe feadh Acomhal R337 Ascaill an Athar Uí Ghríofa a cheanglaíonn an R337 (An Corrán) suas go dtí Acomhal an R864 Bóthar Mhuire, Gaillimh; dar teideal “Uasghrádú ar Acomhal an Chorráin/Bhóthar na Mara”.
Tá an suíomh lonnaithe mar a leanas:
• R337 Ascaill an Athar Uí Ghríofa, ag tosú 50 méadar ó dheas ón acomhal le LS5115 Bóthar na Mara suas go dtí uasghrádú Acomhal an R864 Bóthar Mhuire.
Tá sé beartaithe go n-áireofaí sa scéim:
• Athdhearadh acomhal an Chorráin, Bhóthar na Trá Íochtarach, An Bóthar Ard agus Bhóthar Mhuire chun géarú an acomhal a chur san áireamh arna éascú ag roinnt cuíchóiriú na páirceála ar an tsráid.
• Athdhromchlú ar Ascaill Sherwood ón mBóthar Ard íochtarach go Scoil Fhúrsa.
• An lána sciorrtha ar chlé ón gCorrán go Bóthar na Trá Íochtarach a bhaint.
• Athdhearadh ar an spás atá ar fáil chun áiseanna feabhsaithe do choisithe agus don fhearann poiblí a éascú.
• Uasghrádú na gcomharthaí tráchta ag an acomhal seo agus na nasc le Bainistíocht agus Rialú na Tráchta Uirbeacha (UTMC) chun rialú an Acomhail a fheabhsú.
• Táblaí ardaithe a chur ar fáil ag acomhail Faiche an Chorráin, Páirc Phailmíre agus Bóthar na Mara.
• Caolú acomhal Bhóthar na Mara a éascú trí thógáil amach agus trí bhaint lána tráchta amháin (1x) ón mbealach isteach ó Bhóthar na Mara.
• Trasrian coisithe ar Ascaill an Athar Uí Ghríofa díreach siar ón acomhal le Bóthar Naomh Pól a chur ar fáil.
• Trasrian coisithe ar an gCorrán, díreach soir ón acomhal le Páirc Phailmíre a chur ar fáil chomh maith ;e athdhromchlú áiseanna na gcoisithe, thart ar 330m ar fad, in aice láimhe.
• Spás an fhearainn poiblí a fheabhsú ag suíomh an tsliosbhóthair reatha ón gCorrán go Bóthar na Trá Íochtarach chomh maith le tírdhreachtú crua agus bog.
Ullmhaíodh Tuarascáil Scagthástála ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta de réir Airteagal 120(1)(b)(1) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú) maidir leis an bhforbairt a bheartaítear, agus ba é mar thuairim aici nach bhfuil gá le Tuarascáil Measúnaithe Tionchair Timpeallachta ina leith. De réir Alt 120 de na Rialacháin um Pleanáil & Forbairt (arna leasú), is féidir le héinne, laistigh de 4 sheachtain ó dháta eisiúint an fhógra seo, iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar chinneadh scagthástála maidir leis an seans go n-imreoidh an fhorbairt atá beartaithe. tionchair suntasacha ar an timpeallacht. Ba cheart aon aighneacht dá leithéid a sheoladh chuig an Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Maoilbhríde, Baile Átha Cliath 1.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe i ndiaidh Tuarascáil Scagthástála ar Mheasúnú Cuí (MC) a dhéanamh agus chinn sí nach bhfuil gá le Measúnú Cuí iomlán maidir leis an bhforbairt bheartaithe seo.
Beidh pleananna agus sonraí na forbartha atá beartaithe, lena n-áirítear an Tuarascáil Scagthástála ar an Measúnú Tionchair Timpeallachta agus an Tuarascáil Scagthástála um Measúnú Cuí, ar fáil lena scrúdú ag an bpobal nó le ceannach, ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a bhaineann le cóip a dhéanamh, le linn uaireanta oifige ar feadh tréimhse 4 sheachtain ó Déardaoin an 27 Aibreán 2023 go dtí agus lena n-áirítear Déardaoin an 25 Bealtaine 2023 le linn uaireanta poiblí san Oifig Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, ó 9:00rn go 4:00in Luan go hAoine, seachas Laethanta Saoire Bainc. Le haghaidh coinne a dhéanamh, déan teagmháil leia an rannóg pleanála ag 091-536599 nó trí rPhost ag planning@galwaycity.ie.
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn maidir leis an bhforbairt bheartaithe, a mbaineann le pleanáil chuí agus leis forbairt inbhuanaithe an cheantair ina bhfuil an fhorbairt suite, a dhéanamh i scríbhinn chuig an Údarás Áitiúil tráth nach déanaí ná 4.00in Déardaoin an 8 Meitheamh. 2023 chuig an bPleanálaí Sinsearach, Rannóg na Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh nó trí rPhost chuig planning@galwaycity.ie. Tabhair faoi deara go mbaineann an tAcht um Shaoráil Faisnéise le gach taifead i seilbh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Beidh gach trácht, lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine a ndéanann a leithéid tuairimí, a chuirfear faoi bhráid na Comhairle maidir leis an scéim seo mar chuid den tuarascáil, a baineann gá reachtúil léi, a chur os comhair cruinniú na gcomhaltaí tofa. Mar thoradh ar sin, is féidir á gcur san áireamh chomh maith i miontuairiscí a leithéid chruinnithe agus is féidir leo teacht isteach san fhearann poiblí. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoi réir fhorálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise (na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2014) agus na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2013.
Patricia Philbin,
Stiúrthóir Seirbhíse Forbairt an Bhonneagair, na Pleanála agus Athrú na hAeráide
Dáta: 27 Aibreán 2023
An Corrán / Bóthar na Mara Cuid 8 Léarscáil
An Corrán / Bóthar na Mara – Tuarascáil Mheasúnaithe ar an Tionchar Oidhreachta Ailtireachta
An Corrán / Bóthar na Mara – Réamhthuarascáil Dearaidh
An Corrán / Bóthar na Mara – Cuid 8 Tuarascáil
An Corrán / Bóthar na Mara – Tuarascáil Scagtha le haghaidh Measúnú Cuí