Úsáid do Mhuga!

Spreagann Comhairle Cathrach na Gaillimhe óltóirí caife “Do Chupán Féin a Úsáid”!

Tá feachtas mór nua timpeallachta á seoladh ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus 2GoCup d’fhonn an líon cupán caife aonúsáide a laghdú go mór i gCathair na Gaillimhe. Ar feadh tréimhse thrialach a mhairfidh 3 mhí, ní dhíolfaidh 9 gCaifé aon deoch i gcupán aonúsáide ach ina ionad sin díolfaidh siad deochanna in 2GoCups agus sna cupáin sin amháin. Mar chúiteamh air sin, gheobhaidh gach ceann acu 1,400 cupán san iomlán saor in aisce ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus 2GoCup.

Conas a oibríonn sé?

Le haghaidh Sampla de conas a oibríonn sé seo seiceáil amach an Cork Flower Shop

Please accept marketing-cookies to watch this video.

Íocfaidh custaiméir €1 chun cupán na scéime taisce a 'fháil ar iasacht' agus aisíocfar é nuair a thugann siad é ar ais nó nuair a mhalartóidh siad é le haghaidh 2GoCup eile saor in aisce ag aon cheann de na 9 nGnólacht rannpháirteach.

Chun teacht ar eolas breise, tabhair cuairt ar www.2gocup.ie

Cén fáth a bhfuil sé á dhéanamh againn?

In Éirinn, gach bliain déanaimid 200 Milliún cupán caife a dhiúscairt, is ionann é sin agus 560,000 gach lá a théann chuig líonadh talún nó a dhéantar a loscadh! Tá iarmhairtí ollmhóra comhshaoil ag baint leis seo ó thaobh bruscair, dramhaíola agus aeráide de. Tá 9 gCaifé sa Chathair chun tosaigh maidir le geilleagar ciorclach áitiúil a thabhairt i gcupáin caife agus níl siad ag díol ach deochanna ón scéim taisce 2GoCups. Is é seo an chéad uair a triaileadh é ar scála den sórt sin i gCathair na hÉireann agus táimid ag súil go mór lenár dtorthaí a roinnt le caiféanna eile agus go deimhin le hÚdaráis Áitiúla eile.

Is iad seo a leanas na 9 gcaifé atá rannpháirteach sa triail:

Mocha Beans, Bóthar na Trá https://mochabeans.com/

Mocha Beans, An tSráid Thrasna https://mochabeans.com/

Mocha Beans, Bóthar an Chaisleáin Nua https://mochabeans.com/

Temple Café, Sráid San Aibhistín https://cafetemple.com/

The Creamery, Bóthar na Trá https://www.thecreamery.ie/

Rouge, Sráid Dhoiminic https://rougegalway.com/restaurant/

Ces't la Vie, Tír Oileáin http://www.cestlaviegalway.com/

Anton's, Bóthar an Athar Uí Ghríofa http://www.antonscafe.com/

Greens & Co, Sráid Anraí  https://greensofgalway.com/

Conas is féidir le caiféanna eile páirt a ghlacadh?

Ina theannta sin, tá go leor caiféanna sa Chathair tar éis clárú don fheachtas 'Úsáid do Mhuga!' agus tá lascaine 50 Cent á tairiscint acu do chustaiméirí a thugann a gcuid mugaí in-athúsáidte féin isteach ón 8-15 Aibreán.

Torthaí an tSuirbhé ar Chaiféanna

De réir suirbhé a rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe le déanaí, tá cupán in-athúsáidte ag ceathrar as gach cúigear freagróirí ach ní úsáideann ach freagróir amháin as gach cúigear iad go rialta.

Use your Mug! from Galway City Council on Vimeo.

An féidir leat Muggins a aimsiú?

Cuirfear cupán caife mór glas ar a dtugtar 'Muggins' in áiteanna éagsúla ar fud na Cathrach freisin. Táthar ag spreagadh muintir na háite agus turasóirí araon féinín a thógáil le Muggins agus é a phostáil ar chuntais meán sóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus úsáid a bhaint as an haischlib #useyourmu

 

 

Tá feachtas Úsáid Do Mhuga! á tacú ag ciste Líonra Coiscthe na nÚdarás Áitiúil (LAPN), ó GCC agus ón gCiste um Chosc ar Dhramhaíl.

Le haghaidh tuilleadh eolais seol ríomhphost chuig environment@galwaycity.ie