Fógraíodh Brendan Smith aréir mar Oibrí Deonach na Bliana Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag Gradaim Bhliantúla Mhéara Chathair na Gaillimhe atá ar siúl don ceathrú bliain déag i mbliana.
Bhronn Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Noel Larkin an gradam is airde ar Bhrendan Smith mar aitheantas ar na blianta fada seirbhíse a chaith sé ag obair go deonach i gCathair na Gaillimhe. Deir an Comhairleoir Larkin gur údar inspioráide dúinn uilig na blianta fada atá caite ag Brendan ag obair ar son an phobail i gceantar Bhaile an Phoill.
I measc na ndaoine eile ar bronnadh Gradaim an Mhéara orthu bhí Phil Grealish as na blianta fada a chaith sí ag obair go deonach lena pobal féin chomh maith le Róisín Farragher as a cuid iarrachtaí bailithe airgid do ghrúpaí éagsúla.
Fuair os cionn 100 duine aonair agus grúpaí gradaim ón Méara mar cheiliúradh ar a gcuid gníomhaíochtaí deonacha i saol an phobail i gCathair na Gaillimhe. Coinníodh an t-eolas faoi bhuaiteoirí na ngradam aonair ina rún go dtí an searmanas féin, searmanas a reáchtáladh in Óstán an Radisson Blu i gcomhluadar lucht féachana de bhreis agus 300 duine. Is iad Comhairle Cathrach na Gaillimhe a eagraíonn na Gradaim seo.
Seo a leanas buaiteoirí na ngradam i ngach catagóir:
Gradam na nEalaíon, Cultúr, Oidhreachta & Cúrsaí Gaeilge
- Comhairle Tréadach Naomh Séamas, mar aitheantas don méid atá déanta aige chun eolas a chur ar fáil faoi oidhreacht shaibhir cheantar Phobal Pháirc na Sceach.
Gradam d'Áitritheoirí agus do Cheantair Áitiúla
- Paul Lennon, mar gheall ar a chuid oibre agus chomh spreagthach agus a bhíonn sé le Cumann Áitritheoirí Ros Cam/Chnoc Rois.
Seirbhís Pobail & Cuimsiú Sóisialta
- Phil Grealish, mar gheall ar na blianta fada atá caite aici ag obair go deonach le grúpaí éagsúla i gCathair na Gaillimhe agus go háirithe le Comhar Creidmheasa Naomh Columba.
Oibrí Deonach Scothaosta na Bliana
-Club Cairdis na Rinne Móire, mar gheall ar chomh díograiseach agus a bhíonn siad ag iarraidh cur le caighdeán maireachtála na ndaoine scothaosta ina bpobal.
Gradam d'Oibrí Deonach Spóirt na Bliana
- Shane O'Connor, mar aitheantas don obair dheonach a dhéanann sé leis an ngrúpa snámha Galway Speeders
Gradam Leanaí agus an Óige
- Club Obair Bhaile Chroí na Gaillimhe, mar gheall ar chomh díograiseach agus a oibríonn siad leis na leanaí i mBrú Eglinton.
Oibrí Deonach Óg na Bliana
- Róisín Farragher, mar aitheantas do na gníomhaíochtaí Bailithe Airgid a dhéanann sí go deonach le roinnt Grúpaí i gCathair na Gaillimhe.
Bronnadh trófaí speisialta déanta as Criostail na Gaillimhe chomh maith le seic €500 ar gach buaiteoir.