D’fhógair An Taisce faighteoirí na bliana seo ag searmanas bronnta a reáchtáladh i gcomhar le Comhairle Contae Loch Garman Dé hAoine 20ú Bealtaine.
Tá an Brat Gorm ar cheann de na héicilipéid is aitheanta ar domhan do thránna. Chun stádas Brat Gorm a bhaint amach ní mór do thránna cloí le sraith critéar ar leith a bhaineann le cáilíocht uisce, soláthar faisnéise, oideachas comhshaoil, sábháilteacht agus bainistíocht comhshaoil.
Is siombal é Gradam an Chósta Ghlais de bharr feabhais comhshaoil agus bunaíodh é chun comhshaol ár dtránna a aithint, a chur chun cinn agus a chosaint. Tá an gradam do thránna a bhfuil cáilíocht uisce den scoth acu, ach a bhfuil meas orthu freisin as a dtimpeallacht nádúrtha gan mhilleadh.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta do bhainistíocht leanúnach agus dianmhonatóireacht a dhéanamh ar limistéir uisce snámha agus tránna ardchaighdeáin a sholáthar do dhaoine i gCathair na Gaillimhe.
Ó chlé go deas sna grianghraif;
Lisa Smyth, Feidhmeannach Sinsearach Gníomhach Feighlí Páirceanna, An Roinn Caitheamh Aimsire agus Taitneamhachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Ian Diamond, Bainisteoir Gradaim an Chósta, Aonad Oideachais Comhshaoil, An Taisce – Iontaobhas Náisiúnta na hÉireann
Malcom Noonan TD, An tAire Stáit le freagracht as Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin
Shane Dineen, Bainisteoir Comhshaoil agus Pleanála| Fáilte Éireann