Latest News

SEARMANAS ARDAITHE BRATAÍ DO THRÁ BHÓTHAR NA TRÁ & TRÁ AN TALAIMH BHÁIN 2022


SEARMANAS ARDAITHE BRATAÍ DO THRÁ BHÓTHAR NA TRÁ & TRÁ AN TALAIMH BHÁIN 2022

D’ardaigh Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Colette Connolly na bratacha go foirmiúil do thránna na cathrach ar an gCéadaoin, 1ú Meitheamh, an chéad lá den séasúr snámha.

Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a mheabhrú do dhaoine a gcion a dhéanamh agus cabhrú le stádas trá na Brataí Goirme agus an Chósta Ghlais a choinneáil don bhliain seo chugainn trínár dtránna a choinneáil saor ó bhruscar agus iad ar cuairt i rith an tsamhraidh.

 Sa phictiúr ag ardú na Brataí Goirme & an Chósta Ghlais tá an Méara Colette Connolly le Johnny McCarthy GCC, Lisa Smyth A/Feighlí Sinsearach Feidhmiúcháin na bPáirceanna agus Sharon Connolly Innealtóir Sinsearach GCC.