Cuairt Staidéir Eorpach NITIES ó óstáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoin gClár ‘Interreg Europe’

Delegations posing for photo together in office room.

 

Chuir Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, fáilte roimh thoscaireacht Eorpach go Cathair na Gaillimhe an tseachtain seo caite an 3-4 Feabhra 2026, mar chuid de NITIES — Straitéisí maidir leis an nGeilleagar Oíche: Cur chuige Idir-Réigiúnach - ar tionscadal é de chuid Interreg Europe atá maoinithe ag an AE ‑ lena dtacaítear le cathracha geilleagair oíche‑inbhuanaithe, ionchuimsitheacha agus dea-‑bhainistithe a fhorbairt. Tá Cathair na Gaillimhe ar cheann amháin de naoi gcinn de láithreacha píolótacha maidir leis an nGeilleagar Oíche, agus tá béim á leagan ar eispéireas oíche Chathair na Gaillimhe atá bríomhar, fáilteach agus ionchuimsitheach a fhorbairt agus a choinneáil ag imeacht d’áitritheoirí, oibritheoirí agus cuairteoirí.  

Don chuairt staidéir seo, tugadh naoi gcomhpháirtí tionscadail ar fud seacht gcathair Eorpach le chéile, agus bhí 20‑duine páirteach sa toscaireacht. Tháinig toscairí ó Vársá, Vilnias, Ságreb, Tailinn, Sairéavó, Réigiún Féinrialaitheach Friuli Venezia Giulia, agus ón Institiúid um Fhorbairt agus Chaidreamh Idirnáisiúnta (IRMO) go Cathair na Gaillimhe chun foghlaim faoi thaithí na háite — ár gcuid éachtaí, dúshláin, dea-chleachtais agus réimsí a bhfuil forbairt le déanamh orthu go fóill—trí chuir i láthair, cuairteanna ar shuíomhanna agus pléití piarfhoghlama.

Trí thionscadal NITIES, atá á mhaoiniú ag Interreg Europe, cothaítear rialachas agus comhoibriú comhtháite idir údaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara d’fhonn cur le caighdeán na beatha i ndiaidh dul faoi na gréine. Beidh an tionscadal ar siúl i rith na tréimhse 01.05.2025–31.07.2029 agus díreofar ar sheacht n-ionstraim beartais a fheabhsú ar fud réigiúin na gcomhpháirtithe, agus tacófar leis trí mhaoiniú €1.44 ón Aontas Eorpach. 

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard, “Trínár gcomhpháirtithe NITIES a óstáil i nGaillimh, leagtar béim ar ár ndúthracht i dtaca le cathair atá sábháilte, bríomhar agus ionchuimsitheach i ndiaidh dul faoi na gréine. Tríd an malartú smaointe atá ar bun anseo—atá bunaithe ar chultúr, pobal agus comhoibriú—treiseofar ár gcur chuige féin agus cuirfear le geilleagair oíche níos fearr ar fud na hEorpa.”

Bhí páirtithe leasmhara áitiúla in éineacht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar chuir a gcuid ama agus saineolais le hiontaofacht agus tionchar an chláir. Chomh maith leis sin, ghlac an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt páirt i gcuairt na gcomhpháirtithe, rud a chuir dearcadh náisiúnta leis an gcomhrá. 

Faoin gcomhpháirtíocht NITIES, tugtar eagraíochtaí le chéile ón gCróit, ón bPolainn, ó Éirinn, ón Liotuáin, ón Iodáil agus ó Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, arna comhordú ag an Institiúid um Fhorbairt agus Chaidreamh Idirnáisiúnta (IRMO). Tá rannpháirtíocht na Gaillimhe ina léiriú ar dhúthracht leanúnach na cathrach i ndáil le cuir chuige comhoibríocha i dtaca leis an ngeilleagar oíche.

NITIES (Straitéisí maidir leis an nGeilleagar Oíche: Cur chuige Idir-Réigiúnach)
Cuidíonn NITIES le bailte agus cathracha Eorpacha feabhas a chur ar straitéisí ar mhaithe le bainistíocht inbhuanaithe, chomhtháite a dhéanamh ar an ngeilleagar oíche‑(18:00–06:00), lena gcuimsítear cultúr, siamsaíocht, fáilteachas, soghluaisteacht, sábháilteacht agus seirbhísí tacaíochta. Trí phiarmheasúnú, dea-chleachtais a roghnú, agus moltaí beartais, oibríonn comhpháirtithe i gcomhar lena chéile chun ionstraimí beartais a bheachtú agus rialachas a neartú. Tá an tionscadal comhchistithe ag an Aontas Eorpach trí Interreg Europe, beidh sé á reáchtáil ón 01.05.2025 go dtí an 31.07.2029, agus tacóidh an tionscadal le feabhsuithe i ndáil le seacht n-ionstraim beartais.

Maidir le Interreg Europe
Trí Interreg Europe, cumasaítear rialtais réigiúnacha agus áitiúla ar fud na hEorpa beartas níos fearr a fhorbairt agus a bhaint amach trí réitigh i ndáil le dúshláin forbartha réigiúnacha a chomhroinnt. Déantar éascaíocht ar chomhoibriú thar theorainneacha ionas go mbeidh institiúidí in ann feabhas a chur ar bheartais agus torthaí níos éifeachtaí a chur ar fáil dá bpobail.