Gníomhú Aeráide

Féile ‘Climate Inspirations-Communities in action’

Féach gailearaí pictiúr

Sheol Comhairle Cathrach na Gaillimhe féile nua ar son na haeráide idir an 12 - 15 Meán Fómhair 2024, an chéad fhéile dá leithéid a bhí eagraithe ag údarás áitiúil in Éirinn. Is féile nuálach, chruthaitheach agus chomhoibritheach í an fhéile Climate Inspirations-Communities in Action ina bhféachtar leis an dearcadh atá ann go bhfuiltear ag gníomhú ar son na haeráide a athrú go dtí beart níos dearfaí.

People watching a presentation

Oícheanta Eolais ar Thíosacht Fuinnimh le Comhairle Cathrach na Gaillimhe

16 June 2026

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag tabhairt cuireadh do chónaitheoirí chuig sraith nua de na hOícheanta ar Thíosacht Fuinnimh a bheidh ar siúl ar fud na cathrach le linn 2026. Tabharfar deis do chónaitheoirí níos mó a fhoghlaim faoi fheidhmíocht fuinnimh san áras cónaithe a fheabhsú, billí fuinnimh a laghdú agus eolas a chur ar na roghanna iarfheistithe praiticiúla atá ar fáil ag na himeachtaí saor in aisce seo atá dírithe ar an bpobal.