Do Chomhairle

Saoirse na Cathrach

Ar an 12 Meitheamh 2026, bronnadh Saoirse na Cathrach ar an Uachtarán Catherine Connolly ag searmanas in Óstán an Hardiman.

Is é Saoirse Oinigh Chathair na Gaillimhe an gradam cathartha is airde a bhronntar i nGaillimh. Tugtar ‘Saor’ de Chathair na Gaillimhe ar fhaighteoirí na dámhachtain, agus dá bhrí sin déantar Saoránach Oinigh na cathrach de. 

Is cinneadh de bhaill thofa na Comhairle Cathrach cé ar bronntar an gradam.

Catherine FreedomOfCity
Staff and councillors standing with new an ghaeltacht sign

Tionscnamh Nochta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun Bailte Fearainn Uirbigh “Dofheicthe” na Cathrach a Thaispeáint

24 July 2026

Sheol Coiste Beartais Straitéisigh Gaeilge (SPC) Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar le páirtithe leasmhara áitiúla, tionscnamh suntasach chun ceantair Ghaeltachta uirbeacha stairiúla na cathrach a aithint, a mhapáil agus a cheiliúradh. Cuireadh comharthaí ‘An Ghaeltacht’ in airde ag teorainneacha ocht mbaile fearainn Gaeltachta laistigh de theorainneacha Chathair na Gaillimhe - ag díriú aird ar cheantair Ghaeltachta ina n-aithníonn an rialtas an Ghaeilge go hoifigiúil mar phríomhtheanga labhartha.