Comhráiteas ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cuideachta Chalafoirt na Gaillimhe
Tá na himeachtaí athbhreithnithe bhreithiúnaigh a thionscain an t-abhcóide rothaíochta, Shane Foran, in aghaidh thionscadal Shíneadh Chalafoirt na Gaillimhe tarraingthe siar.
Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cuideachta Chalafoirt na Gaillimhe fáilte roimh an gcinneadh seo, a tháinig i ndiaidh plé cuiditheach idir an tUasal Foran, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cuideachta Chalafoirt na Gaillimhe.
Dhírigh an plé ar fheidhmeanna níos leithne iompair na Comhairle Cathrach agus ar an tiomantas leanúnach atá aici feabhas a chur ar shaoráidí rothaíochta ar fud na cathrach, limistéar Chalafort na Gaillimhe san áireamh. Léiríodh freisin na huaillmhianta níos leithne atá ann líonra iompair atá ceangailte níos fearr, níos inrochtana agus níos inbhuanaithe a chur ar fáil do chuile úsáideoir.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cuideachta Chalafoirt na Gaillimhe fós tiomanta do shíneadh an chalafoirt a chur i gcrích, chomh maith le feabhsuithe ar an iompar poiblí agus ar an mbonneagar siúil agus rothaíochta, de réir Straitéis Iompair na Gaillimhe.
Le tarraingt siar na n-imeachtaí seo, tá deireadh anois leis na dúshláin athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar fad i gcoinne an tionscadail, rud a chuirfidh ar a chumas dul chun cinn chuig céimeanna an deartha agus na tógála.
Infheistíocht mhór i dtodhchaí na Gaillimhe atá sa tionscadal seo. Tacóidh sé le forbairt eacnamaíochta na cathrach, le háiseanna calafoirt níos fearr agus le hathnuachan leanúnach limistéar na ndugaí.