Nuair a bhíonn cearta faoin RGCS á bhfeidhmiú (na cearta a leagtar amach faoi 13 thuas), ní gá gur i scríbhinn a bheadh iarratas. Tá dlite orainn déileáil le gach iarratas maidir le cearta faoin RGCS taobh istigh de thréimhse 30 lá ach is féidir, sa chás go bhfuil obair chasta agus/nó thoirtiúil i gceist leis an iarratas tréimhse 60 lá a chur i bhfeidhm. Má dhéantar iarratas, ní mór faisnéis áirithe a chur ar fáil an tráth a ndéantar an t-iarratas. Cuideoidh sin freagra a thabhairt ar an iarratas. Ba cheart na nithe seo a leanas a lua:
- Ainm agus sloinne.
- Seoladh, uimhir an liosta tithíochta nó uimhir thagartha na Comhairle (má bhaineann le hábhar).
- An brainse nó na brainsí a raibh caidreamh agat leis/leo.
Sa chás nach gcuirtear an fhaisnéis thuas ar fáil an tráth a gcuirtear an t-iarratas faoi bhráid, iarrfaidh an Chomhairle an fhaisnéis sin ort. Ó tharla go bhféadfadh go raibh caidreamh agat le brainsí éagsúla sa Chomhairle, d’fhéadfadh go mbeadh ar an gComhairle a iarraidh ort mioneolas a chur ar fáil faoi na brainsí ag a bhfuil sonraí de do chuid. D’fhéadfadh go mbeadh ar an gComhairle aitheantas deimhnithe a fháil uait mar gheall ar iarratas maidir le cearta faoin RGCS a chur faoi bhráid.
Sa chás go gcuirtear iarratas faoi bhráid ar an ríomhphost, moltar, cé nach coinníoll é, seoladh ríomhphoist an OCS a úsáid.
Ní gnáth go mbeadh ort táille a íoc chun teacht ar do chuid sonraí pearsanta (nó aon cheart eile de do chuid a fheidhmiú). Tá an Chomhairle i dteideal táille réasúnta a ghearradh ina dhiaidh sin féin sa chás gur léir nach bhfuil bunús le d’iarratas, go bhfuil sé á dhéanamh arís agus arís eile nó go bhfuil sé iomarcach. Is féidir, de rogha air sin, diúltú déanamh de réir an iarratais i gcás den sórt sin. Féachfar le freagra a chur ar d’iarratas gan aon mhoill nach gá agus taobh istigh d’aon mhí amháin. Má tá obair chasta nó thoirtiúil faoi leith i gceist le d’iarratas, b’fhéidir go mbeadh tréimhse níos faide de dhíth. Is féidir síneadh 60 lá breise a chur le hiarratas. Má mheastar go mbeidh níos mó ná mí de dhíth chun freagra a thabhairt ar d’iarratas, cuirfear in iúl duit go mbeidh moill i gceist agus an chúis atá leis an moill sin taobh istigh de mhí amháin ó thagann d’iarratas nó a luaithe a thuigtear go mbeidh níos mó ná aon mhí amháin de dhíth don phróiseáil maidir le d’iarratas.
Sa chás nach mbíonn tú sásta leis an toradh ar iarratas/ar cheist maidir le cosaint sonraí agus an freagra a fhaigheann tú ón gComhairle ina leith, tá de cheart agat gearán a dhéanamh leis an OCS a d’fhéadfadh an cás a fhiosrú duit.
An tráth deiridh a ndearnadh athbhreithniú ar an leathanach: 03/10/24
Ábhar faoi stiúir: OCS - An Roinn Seirbhísí Corparáide