Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe Áis Changing Places ar fáil ag Trá na mBan, Bóthar
na Trá. Tá áiseanna Changing Places dírithe ar dhaoine atá faoi mhíchumais iolracha agus chasta
nach féidir leo leithreas caighdeánach inrochtana a úsáid chun freastal ar a gcuid riachtanas.
Tá 30 (tríocha) clós súgartha i gCathair na Gaillimhe. Tá an Rannóg Caitheamh Aimsire agus Conláiste an-mhórtasach faoin gcaoi a gcaitear le leanaí sa chathair agus tá 30 clós súgartha/páirc scátála/limistéir cluichí ilúsáide againn; tá muid ag iarraidh an caighdeán cothabhála is airde a bheith i bhfeidhm againn.
Is ionann cuibhreann agus limistéar talaimh phoiblí atá á bhainistiú agus á chothabháil ag an gcomhairle. Ligtear na ceapacha amach ar léas le daoine aonair ar bhonn bliantúil. Tá sé i gceist leis na ceapacha go bhfásfaidh sealbhóir na ceapaí táirgí agus go ndéanfaidh sé/sí an chothabháil.
€3.8 milliún bronnta ag Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoi Scéim THRIVE atá cómhaoinithe ag an AE
Tá dhá ionad taibhithe, atá á mbainistiú agus á rith faoi scáth Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i gCathair na Gaillimhe – Amharclann na Cathrach atá i gCearnóg Theach na Cúirte i mBarr an Chalaidh agus an Dubhlann atá suite gar dó ar Bhóthar na Díge.
Aithníonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe go gcuirtear deiseanna ar fáil le comóradh phoiblí chun duine, grúpaí daoine nó imeachtaí a bhfuil tábhacht ag baint leo a urramú, a cheiliúradh nó a mheabhrú.
Is eagraíocht é Aoisbhá Éireann atá freagrach as an gClár Náisiúnta Aoisbhá, atá cleamhnaithe le Líonra Domhanda na gCathracha agus na bPobal Aoisbháúla de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte [EDS].