Rothaíocht i nGaillimh
Mar cheantar le topagrafaíocht réasúnta réidh agus lár na cathrach atá dlúth, tá Gaillimh oiriúnach go maith don rothaíocht mar mhodh iompair. Tá sé mar aidhm ag an líonra rothaíochta atá molta i Straitéis Iompair na Gaillimhe soláthar áiseanna rothaíochta tiomnaithe ar ardchaighdeán a uasmhéadú agus bearta a fheabhsú a thabharfaidh tús áite do rothaithe, ag spreagadh glacadh le rothaíocht le haghaidh comaitéireachta agus mar ghníomhaíocht fóillíochta sa chathair agus sna ceantair máguaird.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag forbairt bonneagar nua agus feabhsaithe ar fud na cathrach chun sábháilteacht agus slándáil coisithe agus rothaithe a uasmhéadú. Nuair is féidir, tá na bealaí atá beartaithe scartha ón mbóthar ina n-iomláine, agus beidh rothaithe scartha go fisiciúil ó mhótarthrácht. I gcásanna eile, cuimsíonn an líonra lánaí rothaíochta ar an mbóthar agus/nó lánaí leathana bus chun freastal ar bhusanna agus rothaithe ar an mbealach céanna.
Forbraíodh plean rothaíochta foriomlán ar bhonn trí leibhéal líonra a thacaíonn lena chéile agus a threisíonn naisc ar fud an réimse staidéir. Rangaítear na líonraí seo mar 'príomhbhealaí', 'fobhealaí' agus 'bealaí friothálacha', rud a léiríonn feidhm agus carachtar inmhianaithe an rotharbhealaigh.
Tá forbairt an líonra seo á stiúradh ag Rannóg Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, i gcomhar le comhpháirtithe maoinithe lena n-áirítear an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus Ciste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí (URDF) an rialtais.
