Rothaíocht i nGaillimh

Tá eolas ar fáil ar an leathanach seo faoi rothaíocht i nGaillimh, lena n-áirítear na buntáistí a bhaineann le bheith ag rothaíocht agus na háiseanna rothaíochta atá ar fáil anseo.

Seirbhísí Comhroinnte Rothar

Is seirbhís cíosa rothar féinseirbhíse í Scéim Rothar Poiblí TFI faoina ndéantar stáisiúin a lonnú go háisiúil ar fud na cathrach. 

Fágann sé sin go mbíonn sé éasca taisteal thart, cibé an bhfuil tú ag comaitéireacht chun na hoibre nó chuig cruinnithe nó ag fámaireacht ar do chomhairle féin.

Tá tuilleadh eolais faoi Scéim Rothar Poiblí TFI, lena n-áirítear suíomh na stáisiún rothar, le fáil ar https://www.bikeshare.ie/ga/galway.html