Rothaíocht i nGaillimh

Tá eolas ar fáil ar an leathanach seo faoi rothaíocht i nGaillimh, lena n-áirítear na buntáistí a bhaineann le bheith ag rothaíocht agus na háiseanna rothaíochta atá ar fáil anseo.

Páirceáil do Rothair i nGaillimh

Tá soláthar páirceála do rothair lárnach chun níos mó daoine a spreagadh le dul ag rothaíocht i nGaillimh. Tá sé tábhachtach freisin maidir lena chomhtháthú le hiompar poiblí le haghaidh turais ilmhódacha.

Le maoiniú ón Údarás Náisiúnta agus ón gCiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí, tá Rannóg Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag leanúint le fás agus feabhsú áiseanna páirceála do rothair ar fud na cathrach. 

Páirceáil sráide

Tá seastáin pháirceála do rothair curtha isteach ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar féidir leo freastal ar thart ar 1,600 rothar ar fud na cathrach. Cruthaíonn sin leibhéil shuntasacha páirceála ar an tsráid do rothair, mar aon le páirceáil do rothair ag áiseanna pobail agus limistéir thaitneamhachta.

Ina theannta sin, tar éis léirithe spéise, tá seastáin pháirceála do rothair agus páirceáil scútar curtha ar fáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag go leor scoileanna agus clubanna spóirt ar fud na cathrach. 

Is féidir na láithreacha páirceála sráide agus eas-sráide a fheiceáil ar léarscáil Páirceála Rothaíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar féidir teacht air trí chliceáil ar an nasc seo. Áirítear ar an léarscáil seo freisin sonraí ar áiseanna rothaíochta eile sa gcathair, lena n-áirítear stáisiúin deisiúcháin rothar. Déanfar é a uasdátú de réir mar a bheidh níos mó áiseanna páirceála do rothair á bhforbairt.

Léarscáil Páirceála Rothaíochta

A screenshot of the Galway City Cycle Parking Map

Páirceáil do rothair laistigh 

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag obair i gcomhpháirtíocht le Q Park Ireland chun páirceáil do rothair laistigh a chur ar fáil i gCarrchlós Hynes ar Bhóthar na gCeannaithe i nGaillimh. Faoi láthair, tá 50 spás páirceála do rothair ar fáil sa gcarrchlós seo agus tá an pháirceáil do rothair ar fáil saor in aisce le linn uaireanta oscailte an charrchlóis.