Rothaíocht i nGaillimh

Tá eolas ar fáil ar an leathanach seo faoi rothaíocht i nGaillimh, lena n-áirítear na buntáistí a bhaineann le bheith ag rothaíocht agus na háiseanna rothaíochta atá ar fáil anseo.

Stáisiúin Deisiúcháin agus Cothabhála Rothar

Tá sé stáisiún deisiúcháin agus cothabhála rothar curtha ar fáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar fud na cathrach. Tá na stáisiúin seo saor in aisce le húsáid, agus áirítear leo seastán rothar, teannaire do bhoinn, agus uirlisí eile ar féidir leat a úsáid chun deisiúcháin agus cothabháil a dhéanamh ar an mbealach. Tá na sé stáisiún lonnaithe go háisiúil ag 

  • Faiche an Aonaigh
  • Ionad Comharsanachta Bhaile an Phoill/an Chaisleáin Ghearr
  • Ionad Pobail an Taoibh Thiar
  • Ionad Pobail na Rinne Móire
  • An Charraig Dhubh
  • Ionad Pobail Chnoc na Cathrach

Is féidir na láithreacha a fheiceáil go cruinn trí úsáid a bhaint as Léarscáil Páirceála Rothaíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Tá sé saor in aisce na stáisiúin seo a úsáid.  Tá gach seastán feistithe leis na huirlisí riachtanacha atá ag teastáil chun deisiúchán agus cothabháil bunúsach a dhéanamh ar do rothar, lena n-áirítear caidéal chun aer a chur sna boinn.  Is féidir an stáisiún deisithe rothar a úsáid chun rothair ar chruthanna agus méideanna éagsúla a dheisiú.

Chun stáisiún a úsáid, níl ort ach an rothar a chrochadh aníos agus an fráma a leagan anuas ar an seastán deisithe rothar atá curtha ar fáil. Tá sé éasca agus compordach an rothar a chrochadh ó ghéaga an chrochadáin mar go bhfuil rubar orthu.

The bicycle repair station located at Fairgreen