Bonneagar rothaíochta i nGaillimh
I measc na mbonneagar nua siúil agus rothaíochta atá forbartha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le blianta beaga anuas, tá Droichead an Dóchais, Uasghrádú Lána an Mhuilleora, Scéim Rothaíochta Bhóthar Dhabhach Uisce Theas agus an Scéim Taistil Ghníomhaigh Chanáil Eglinton. Is féidir sonraí iomlána faoi na tionscadail seo, agus faoi thionscadail eile atá curtha i gcrích ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhar le comhpháirtithe maoinithe, a fheiceáil trí chliceáil ar an nasc seo.
Leanfar d’infheistíochtaí breise a dhéanamh i mbonneagar siúil agus rothaíochta, ag teacht le haidhmeanna Straitéis Iompair na Gaillimhe. I measc na dtionscadal atá á bhforbairt nó á bpleanáil faoi láthair, tá Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar an Bhaile Bháin agus Bhóthar Pháirc an Chaisleáin agus Líonra Rothaíochta Bhóthar Stiofáin. Is féidir na sonraí ar fad faoi na tionscadail go léir atá á gcur chun cinn faoi láthair ag Rannóg Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a fheiceáil trí chliceáil ar an nasc seo.
