Trasrian Coisithe – Droichead na mBradán

Is trasrian coisithe sealadach a thógáil trasna R863 Bóthar na hOllscoile ag Ardeaglais na Gaillimhe atá i gceist le Tionscadal Trasrian Coisithe Dhroichead na mBradán.

Guide Navigation

Skip Guide Navigation

An Scéim

Nuashonrú - Eanáir 2026

Tabharfar faoi oibreacha bóthair riachtanacha san oíche ar thaobh na hArdeaglaise de Dhroichead na mBradán agus ar an Droichead na mBradán, Dé hAoine an 23 Eanáir, Dé Luain an 26 Eanáir agus Dé Máirt an 27 Eanáir. Is cuid í an obair seo de Thionscadal Thrasrian Coisithe Dhroichead na mBradán.

Beidh an obair dhromchlaithe bóthair ar siúl idir 8pm agus 6am chun an méid cur isteach a bheidh i gceist a laghdú a oiread agus is féidir. Ní dhúnfar ach lána amháin de Dhroichead na mBradán ag an am.  

Beidh córais bainistithe tráchta shealadacha i bhfeidhm, a mbeidh tionchar acu ar thiománaithe, siúlóirí, daoine ar dheiseanna a bhfuil rothaí orthu, agus rothaithe, fad is a bheidh an obair ar siúl.

Cuirfear comharthaíocht in airde chun tiománaithe a chur ar an eolas faoin obair.

Ní bheidh tionchar ag an obair seo ar Dhroichead an Dóchais agus fanfaidh sé oscailte an t-am ar fad.

Glactar buíochas leat roimh ré as do chomhoibriú agus do thuiscint.

+++

Is éard atá i gceist le Tionscadal Thrasrian Coisithe Dhroichead na mBradán ná trasrian sealadach do choisithe a thógáil trasna Bhóthar na hOllscoile (an R863) ag Ardeaglais na Gaillimhe.  Is trasrian túcánach a bheidh anseo (i.e. trasrian atá rialaithe ag comharthaí do choisithe, do dhaoine atá ag úsáid deiseanna a bhfuil rothaí orthu, agus do rothaithe).  Ceanglóidh an trasrian an cosán ar Bhóthar na hOllscoile, in aice le Garraí an Iascaigh, le Droichead an Dóchais agus feabhsófar an tsábháilteacht do gach úsáideoir bóthair. 

 

A photomontage of the future pedestrian crossing at Salmon Weir Bridge