An Scéim
Feabhsóiidh an Scéim Líonra Rothaíochta Bhóthar Stiofáin an tsábháilteacht, laghdóidh sé luas na bhfeithiclí, agus cuirfidh sé le líon méadaithe na dturas ag coisithe agus ag rothaithe sa cheantar.
Tá an scéim 870m ar fhad, ag síneadh ón taobh dheas ag an acomhal le Dáilbhóthar an Iarthair go dtí an t-acomhal le Bóthar Ráthún ar an taobh thuaidh. Séard atá i gceist leis an scéim a bheartaítear ná trasghearradh 14m ar leithead a thógáil le raonta rardaithe rothar 2mar leithead in aice leis ar an dá thaobh den bhóthar agus beidh gá le roinnt talún a thógáil dá bharr ón taobh thoir den bhealach.
Cuirfear trasrianta séabra ardaithe leis ag eatraimh oiriúnacha chomh maith. Ceanglaíonn an bealach ceantair chónaithe le Páirc Mhiondíola Gateway, moil na fostaíochta, Gaelscoil Mhic Amhlaigh agus CP Galway Bohemians. Cuireann an bealach nasc freisin ar fáil le Dáilbhóthar an Iarthair, áit a bhfuil ionaid mhóir na fostaíochta, an oideachais agus an mhiondíola inti.
Tá an tionscadal seo á chur i gcrích ag Rannóg Taistil Ghníomhaigh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. Tá sé á chómhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair agus ag an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach.
Tosóidh an tógáil i Meán Fómhair 2025.
Cad a chuirfear ar fáil
- Tógfar bonneagar nua siúil agus rothaíochta feadh fhad iomlán Bhóthar Stiofáin, is é sin 870m, ó Bhóthar Rathúin go dtí Bóthar Dáileacháin an Iarthair.
- Tógfar cosáin nua agus uasghrádaithe mar chuid den scéim seo.
- Tógfar rianta rothaíochta nua a bheidh deighilte go hiomlán ar an dá thaobh den bhóthar.
- Tógfar ceithre chrosaire coisithe ardaithe nua (séabra), agus coinneofar an crosaire atá ann cheana ag an mbealach chuig timpeallán Bhóthar Dáileacháin an Iarthair.
- Laghdófar leithead an bhóthair de réir na bpleananna ceadaithe.
- Déanfar an soilsiú poiblí atá ann cheana a uasghrádú.
-
Cuirfear crainn nua feadh codanna den bhóthar.
Buntáistí
- Leis na trasrianta nua coisithe agus cosáin uasghrádaithe a chuirfear ar fáil mar chuid den tionscadal seo, beidh sé níos éasca siúl agus rothú feadh an bhóthair, lena n-áirítear do leanaí, do dhaoine scothaosta agus d'úsáideoirí soghonta bóithre.
- Spreagfaidh na saoráidí nua níos mó daoine chun dul ag rothaíocht, rud a laghdóidh an brú tráchta. Tá sé sin go maith freisin do shláinte na ndaoine agus don chomhshaol.
- Trí leithead an bhóthair a chúngú, laghdófar luasanna feithicle, agus feabhsóidh sé seo sábháilteacht do chách.
- Tabharfaidh sé seo rochtain níos sábháilte ar áiseanna san áit lena n-áirítear Páirc Siopadóireachta Gateway, Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Cnoc na Cathrach agus scoileanna agus áiseanna spóirt eile san áit. Ceanglófar an scéim freisin le Scéim Rothaíochta Bhóthar Dáileacháin an Iarthair atá beartaithe amach anseo (faoi réir cead pleanála).
- Cuirfidh na crainn nua a chuirfear feabhas ar an timpeallacht chomh maith le cur le taitneamhacht amhairc an bhóthair.
Tógáil
- Cuirfear tús leis an obair thógála ar an tionscadal seo sna seachtainí amach romhainn. Meastar go dtógfaidh an obair timpeall is 12 mhí.
- Scríobhfaidh an conraitheoir atá ag obair thar ceann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chuig cónaitheoirí áitiúla le tuilleadh eolais, sula gcuirfear tús leis an obair agus de réir mar a théann an tionscadal ar aghaidh.
- Beidh roinnt cur isteach ar thrácht i gceist, ach déanfar gach iarracht é seo a laghdú oiread is féidir.
