Rothaíocht i nGaillimh

Tá eolas ar fáil ar an leathanach seo faoi rothaíocht i nGaillimh, lena n-áirítear na buntáistí a bhaineann le bheith ag rothaíocht agus na háiseanna rothaíochta atá ar fáil anseo.

Cad iad na buntáistí a bhaineann le rothaíocht?

Tá rothaíocht go maith duit féin agus don áit ina bhfuil cónaí ort. Téann rothaíocht chun tairbhe do shláinte agus d’fholláine trí ghníomhaíocht fhisiciúil mhéadaithe. D’fhéadfadh taisteal ar rothar a bheith níos tapúla agus níos saoire freisin, go háirithe ar thurais ghearra áitiúla. Nuair a bhíonn níos mó daoine ag rothaíocht, laghdaítear an brath a bhíonn ar charranna freisin, rud a d'fhéadfadh brú tráchta agus truailliú de bharr gluaisteáin a laghdú.

Fuarthas amach i dtuarascáil Innéacs Siúil agus Rothaíochta 2023 Limistéar Cathrach na Gaillimhe go bhfuil buntáistí suntasacha ag baint leis an rothaíocht do Ghaillimh cheana féin. 

  • Fuarthas amach go ndearnadh 3.7 milliún turas rothaíochta i nGaillimh in 2023, ar feadh achar laethúil iomlán de 48,000 ciliméadar. 
  • Trí rothaíocht seachas tiomáint, shábháil sé seo 1,400 tonna d’astuithe gáis cheaptha teasa arb ionann é agus 16,000 duine ag eitilt ó Aerfort na Sionainne go Heathrow i Londain. 
  • Cuireann an leibhéal seo de ghníomhaíocht fhisiciúil mhéadaithe cosc ar riochtaí sláinte fadtéarmacha freisin.

Is féidir tuarascáil iomlán an Innéacs Siúil agus Rothaíochta a léamh trí chliceáil ar an nasc seo.

A woman cycling along Eglinton Canal.