Ag Lorg Oibre
Cead Rochtana chuig an Margadh Saothair
Cead Rochtana chuig an Margadh Saothair
Is féidir le duine a bhfuil Cosaint Idirnáisiúnta á lorg aige/aici iarratas a dhéanamh ar chead oibre. Is Cead Rochtana chuig an Margadh Saothair a thugtar ar an gcead seo. Tagraíonn go leor den lucht iarrtha cosanta don chead seo go simplí mar 'chead oibre'.
Tar éis íostréimhse de 5 mhí, beidh tú ábalta iarratas a dhéanamh ar chead oibre. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne agus úsáid á baint agat as an nasc seo: Iarratas ar Chead Rochtana chuig an Margadh Saothair
Mar gheall ar an líon mór iarratasóirí, d'fhéadfadh sé suas le 2 mhí nó níos faide a ghlacadh sula bhfaigheadh tú cead oibre.
Leabhrán Faisnéise maidir le Cead Rochtana chuig an Margadh Saothair (LMA7) - Íoslódáil an Leabhrán