Eagraíochtaí Deonacha
- I-Iml - Bunachar Sonraí Náisiúnta na nOibrithe Deonacha
Cláraigh ar Líne. Ansin cuardaigh an deis d'oibrithe deonacha a oireann tusa agus do chuid scileanna. https://www.i-vol.ie/
- Oibrithe Deonacha na hÉireann –
Is ionann Oibrithe Deonacha na hÉireann agus an eagraíocht náisiúnta a chuireann chun cinn agus a thacaíonn le hobair dheonach in Éirinn. https://www.volunteer.ie/about/ Cláraigh ar Líne agus déan iarratas le hobair dheonach a dhéanamh le hEagraíochtaí pobail. Déanfaidh siad teagmháil leat ansin maidir leis na deiseanna atá ar fáil.
Ríomhphost:. info@volunteer.ie
- Ionad Oibrithe Deonacha na Gaillimhe –Volunteer Galway - Galway Volunteer Centre
Oibrithe Deonacha na Gaillimhe - Ionad Oibrithe Deonacha na Gaillimhe
In Ionad Oibrithe Deonacha na Gaillimhe is féidir le daoine a bhfuil spéis acu obair dheonach a dhéanamh tuilleadh eolais a fháil faoi obair dheonach gan aon ghealltanas a thabhairt, eolas a fháil faoin raon leathan deiseanna don obair dheonach atá ar fáil; agus comhairle agus tacaíocht a fháil faoi na deiseanna a oireann duitse.
- Samáraigh na Gaillimhe – Tacaíochtaí Meabhairshláinte (obair dheonach theoranta) Déan Obair Dheonach do na Samáraigh | Tacaigh Linn | Na Samáraigh
-
Cope na Gaillimhe - Soláthraíonn COPE na Gaillimhe seirbhísí tacaíochta do roinnt de na fir, mná agus leanaí is leochailí agus is mó atá scoite amach i nGaillimh. (obair dheonach theoranta) Déan Obair Dheonach - COPE na Gaillimhe
-
Bailte Slachtmhara – Gaillimh
Cuireann grúpaí Bailte Slachtmhara ar fud na hÉireann a gcion féin lena gcuid pobail ar bhealaí praiticiúla agus cruthaitheacha ar mhaithe lena gcuid bailte agus sráidbhailte a fheabhsú. Ón gcéad lá riamh, bhí sé mar phríomhfhócas ag na Bailte Slachtmhara pobail a spreagadh lena dtimpeallacht áitiúil a fheabhsú, agus áit níos fearr le maireachtáil ann, le hoibriú ann agus le cuairt a thabhairt air a dhéanamh dá gceantar; cruthaíonn sé seo 'mórtas áite' dóibh siúd atá ina gcónaí sa gceantar.
Chun obair dheonach a dhéanamh - Iarratas ar Obair Dheonach a Dhéanamh do Bhailte Slachtmhara Chathair na Gaillimhe