Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh chinneadh an Choimisiúin Pleanála cead a thabhairt do chalafort beartaithe nua.
Tacóidh leathnú ceadaithe ar Chalafort na Gaillimhe le feidhmiú agus leathnú leanúnach ar chroíghníomhaíochtaí calafoirt, rud a neartóidh a ról mar phríomhshócmhainn eacnamaíoch don chathair agus don réigiún. Cruthóidh an síneadh calafoirt deiseanna amach anseo freisin chun limistéar an chuain istigh a athfhorbairt.
Is fochuideachta faoi lánúinéireacht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe é Cuideachta Cuain na Gaillimhe.
Tar éis athbhreithniú mionsonraithe a dhéanamh ar chinneadh an Choimisiúin Pleanála, gabhfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cuideachta Cuain na Gaillimhe ar aghaidh anois,go dtí an chéad chéim eile den tionscadal.
Cuimseoidh an chéad chéim eile den tionscadal dearadh, soláthar agus maoiniú mionsonraithe, i gcomhréir leis na treoirlínte bonneagair náisiúnta ábhartha agus na ceanglais rialachais.
Tá tuilleadh eolais faoin tionscadal seo ag www.GalwayHarbourExtension.com