Tá fáilte mhór curtha ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Leonard Cleary, agus ag Cathaoirleach Chalafort na Gaillimhe, Maurice O'Gorman, an tseachtain seo roimh chinneadh an Choimisiúin Pleanála cead pleanála a thabhairt chun síneadh a chur le Calafort na Gaillimhe - cloch mhíle do Chathair na Gaillimhe agus d'Iarthar na hÉireann i gcoitinne i dtaobh bonneagair nach dtarlaíonn ach uair amháin sa saol.
Tiocfaidh athrú ó bhonn ar shainchomhartha tábhachtach i gcroílár Chathair na Gaillimhe de bharr an chinnidh, a fhágfaidh go mbeifear ábalta gníomhaíochtaí an chalafoirt a aistriú chuig uiscí níos doimhne; go mbeifear ábalta ceantar na ndugaí inmheánacha a athbheochan; agus go mbeifear ábalta tabhairt faoi oibríochtaí calafoirt comhaimseartha, sábháilte agus éifeachtúla.
Cruthófar deiseanna fiontraíochta agus fostaíochta, turasóireachta agus gníomhaíochta muirí freisin leis an bhforbairt, mar aon le deiseanna i dtaobh slándáil mhuirí, trína mbainfear amach cuspóirí atá sa Phlean Forbartha Náisiúnta, i dTionscadal Éireann 2040 agus sa Chreat Náisiúnta Pleanála.
Is fochuideachta é Comhlacht Chalafort na Gaillimhe atá faoi lánúinéireacht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus aithníodh síneadh an Chalafoirt mar thionscadal tosaíochta do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i gclár an Rialtais.
Is éard a dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe: “Tá pobal Chathair na Gaillimhe bunaithe ar thrádáil mhuirí le fada an lá agus céibheanna i lár na cathrach, iad ag síneadh ón gCladach go Calafort na Gaillimhe. Ach beidh tionchar ag an gcinneadh seo ar i bhfad níos mó ná Cathair na Gaillimhe amháin, ós rud é go mbeidh tábhacht straitéiseach aige ag leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach. Cuirfidh an síneadh a chuirfear leis an gcalafort ar chumas Chathair na Gaillimhe leanúint de bheith ina calafort réigiúnach inmharthana agus iomaíoch, trína seachnófar meath fadtéarmach – agus trína gcruthófar spás i gcroílár na cathrach le haghaidh athbheochan uirbeach ag an am céanna’.
Beidh tionchar mór ag na hathruithe a chumasófar leis an gcinneadh pleanáil a cheadú ar oibríochtaí Chalafort na Gaillimhe.
Mhínigh Maurice O’Gorman, Cathaoirleach Chalafort na Gaillimhe, “Cruthófar céibheanna tráchtála domhainmhara agus bonneagar muirí a shínfidh amach i gCuan na Gaillimhe leis an bhforbairt seo. Forbrófar thart ar 27 heicteár de thalamh a thabharfar chun míntíreachais le haghaidh úsáid chalafoirt agus fiontraíochta lena mbaineann, agus beidh muiríne nua, saoráidí iascaireachta, foirgnimh chalafoirt, bonneagar lóistíochta, saoráidí práinnfhreagartha agus bonneagar seirbhísí muirí i gceist. Cruthóidh an fhorbairt deiseanna móra freisin i dtéarmaí lasta iarnróid, agus beidh nasc díreach idir an Calafort agus an gréasán iarnróid náisiúnta trí stáisiún Ceannt. Is píosa ríthábhachtach bonneagair é an tionscadal seo don réigiún ó thaobh fás eacnamaíoch inbhuanaithe, slabhraí soláthair agus nascachta de. Geilleagar beag oscailte is ea Éire – is ionann infheistíocht i gCalafort na Gaillimhe agus infheistíocht ar mhaithe leis na glúnta atá le teacht i gCathair na Gaillimhe, agus sa réigiún níos leithne’.
Rinneadh comhairliúchán agus rannpháirtíocht fhorleathan le linn fhorbairt an tionscadail chun togra a thabhairt chun cinn a fhreastalaíonn ar riachtanais Chalafoirt idirnáisiúnta nua-aimseartha, éifeachtúil, atá ag feidhmiú i lár Chathair na Gaillimhe.
Rachaidh Comhlacht Chalafort na Gaillimhe ar aghaidh anois go dtí an chéad chéim eile den tionscadal, lena n-áirítear dearadh, soláthar agus maoiniú mionsonraithe, de réir na dtreoirlínte bonneagair náisiúnta ábhartha agus na gceanglas rialachais.
Is féidir tuilleadh a léamh faoin tionscadal ag www.GalwayHarbourExtension.com