Breithneoidh na Comhaltaí Tofa infheistíocht bheartaithe os cionn €3 mhilliún i gcosáin Chathair na Gaillimhe sna trí bliana amach romhainn ag cruinniú iomlánach de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Dé Luain, an 12 Deireadh Fómhair.
Faoin togra atá á bheartú, bhaileofaí €1,033,960 breise gach bliain trí choigeartú 10% a oibriú ar an ráta na Cánach Maoine Áitiúla. D’fhéadfadh na Comhaltaí Tofa an t-athrú sin a cheadú, trí vóta tromlaigh ag cruinniú den chomhairle (mar ‘fheidhm fhorchoimeádta’).
Dhéanfaí an maoiniú breise a chur i leataobh chun foirne oibríochtaí breise a earcú chun obair dheisiúcháin agus athchóirithe níos costéifeachtaí a dhéanamh chomh maith le cosáin nua níos costéifeachtaí a chur i gcrích ar fud thrí thoghcheantar áitiúla Chathair na Gaillimhe.
Chuirfeadh Bóithre agus Iompar (Oibríochtaí) Chomhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh mhaoiniú breise chun dlús a chur le hathchóiriú na gcosán atá ag dul in aois in eastáit tithíochta ar fud na cathrach.
Tá go leor d'eastáit tithíochta na Gaillimhe os cionn 30 bliain d'aois, agus dá bhrí sin tá an meath atá ag teacht orthu ag éirí níos feiceálaí, ar ábhar imní sin ó thaobh inrochtaineachta, guaiseacha tuisle, sábháilteacht coisithe agus cáilíocht ghinearálta na timpeallachta cónaithe.
Leis an maoiniú atá beartaithe, thacófaí le criú breise tiomnaithe amháin a bhunú chun cosáin a fheabhsú. Mhéadódh sé sin acmhainneacht seachadta cosán na Comhairle faoi thart ar 50%, ó dhá chriú go trí chriú.
Bunaithe ar an méid a bhain na foirne atá ann cheana amach, táthar ag súil go méadóidh an oibríocht leathnaithe an méid obair feabhsúcháin a d’fhéadfaí a thabhairt i gcrích ó 42 go 63 eastát tithíochta in aghaidh na bliana. I gcaitheamh thréimhse an chláir trí bliana atá beartaithe, d'fhágfadh sé sin go bhféadfaí obair feabhsúcháin a dhéanamh i dtuairim is 189 eastát tithíochta.
Tá gá leis an maoiniú breise chun an méid seo a leanas a chumhdach:
-
Foireann na Comhairle don chriú nua.
-
Costais choincréite, chumascáin agus ábhair atreisithe.
-
Fearas, flít agus trealamh speisialaithe.
-
Seirbhísí JCB agus leoraí ar conradh.
-
Na costais oibriúcháin a bhainfeadh leis na hoibreacha a thabhairt i gcrích go sábháilte.
Leis an infheistíocht sin, beidh an Chomhairle in ann bogadh ó chur chuige atá frithghníomhach den chuid is mó i dtreo clár pleanáilte rioscabhunaithe chun cosáin a athchóiriú.
Tabharfar tús áite do na háiteanna ina bhfuil na riachtanais sábháilteachta agus inrochtaineachta is mó agus ina bhfuil an bhail is measa ar na cosáin, lena n-áirítear limistéir a fhreastalaíonn ar scoileanna, saoráidí pobail, iompar poiblí agus cónaitheoirí a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu.
Is ionann an maoiniú breise agus infheistíocht phraiticiúil sa tsábháilteacht phoiblí agus san inrochtaineacht phoiblí. A bhuí leis an maoiniú, cuirfear caoi níos fearr ar na cosáin i gceantair ina bhfuil cónaí ar dhaoine, laghdófar an riaráiste cothabhála agus cuirfear freagairt níos éifeachtúla agus níos struchtúrtha ar fáil maidir le meath an bhonneagair a bhfuil a shaol seirbhíse ionchasach sroichte nó sáraithe aige.
Go hachomair, chuirfeadh an maoiniú breise an méid seo a leanas ar fáil:
-
Thiocfadh méadú 50% ar acmhainneacht thiomnaithe chun cosáin a fheabhsú.
-
Thabharfaí faoi obair feabhsúcháin i thart ar 63 eastát tithíochta gach bliain.
-
Thabharfaí faoi obair feabhsúcháin i thart ar 189 n-eastát i gcaitheamh tréimhse trí bliana.
-
Bheadh na cosáin i gceantair ina bhfuil cónaí ar dhaoine níos sábháilte, níos inrochtana agus choinneofaí caoi níos fearr orthu.
-
Bheadh clár trédhearcach i bhfeidhm a bheadh bunaithe ar bhail, ar riosca agus riachtanas pobail.
Chuirfeadh an maoiniú ar chumas na Comhairle freisin conraitheoirí atá cáilithe go cuí a cheapadh le haghaidh áiteanna a mbaineann riosca níos airde leo nó a mbaineann castacht éigin leo, lena n-áirítear limistéir ina dteastódh trácht a bhainistiú níos fearr, saintrealamh nó bearta breise sábháilteachta do choisithe.
Measann an Chomhairle go bhfuil an leithdháileadh breise ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar scála agus aois an riaráiste oibre atá le déanamh ar na cosáin atá ann cheana agus chun cáilíocht agus inrochtaineacht fhadtéarmach bhonneagar cónaithe na Gaillimhe a chosaint.
Fágfaidh acmhainneacht mhéadaithe seachadta dhírigh go mbeifear in ann clár oibre níos fairsinge a chur i gcrích agus an costas a bhaineann le tionscadail cosáin aonair a chur i gcrích a laghdú.