Áirítear ar thograí Bhuiséad 2027 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe infheistíocht níos mó i scéimeanna dreasachta agus i seirbhísí atá beartaithe chun tacú le gnólachtaí áitiúla, leis an turasóireacht agus leis an bhfearann poiblí.
Rinneadh forbairt ar thograí Bhuiséad 2027 i gcomhthéacs an éilimh mhóir ar sheirbhísí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus gan aon mhéadú tagtha ar leithdháileadh bliantúil na Comhairle ón Rialtas náisiúnta don bhliain 2027.
Chuirfeadh na tograí maoiniú ar fáil chun Scéim Réadmhaoine Foilmhe a thabhairt isteach, chun dul i ngleic le háitribh thráchtála atá folamh i gCathair na Gaillimhe le fada. Faoin scéim, tarscaoilfear rátaí do ghnólachtaí incháilithe ar feadh níos mó ná bliain amháin sa gcás go n-osclaíonn siad in áitreabh atá folamh. Tarscaoilfear 100% de na rátaí i mBliain 1, laghdóidh sé sin go 50% i mBliain 2 agus ansin go 25% i mBliain 3, sula gcuirfear na rátaí iomlána i bhfeidhm i mBliain 4 Tá sé i gceist leis an scéim seo tacú le gnólachtaí a chuireann go dearfach leis an bhfuinneamh agus le seirbhísí atá i lár na cathrach agus i bpobail áitiúla, mar shampla siopaí éadaí agus bróg, siopaí leabhar, tionscail chruthaitheacha nó gnólachtaí an gheilleagair chiorclaigh, agus na gnólachtaí sin a mhealladh. Eisiafar cineálacha áirithe gnó amhail siopaí galtoitíní, siopaí gealltóireachta agus siopaí teileafóin ón scéim atá beartaithe.
I ndeireadh na dála, is infheistíocht é an togra nua seo chun beocht a chur arís i réadmhaoine folamha, chun cur le líon na ndaoine a thugann cuairt ar lár na cathrach, chun éagsúlacht na ngnólachtaí sa gcathair a fheabhsú, agus chun tacú le forbairt eacnamaíoch fhadtéarmach.
Áirítear i mBuiséad 2027 freisin togra chun an Scéim chun Aghaidh Siopaí a Fheabhsú, scéim a bhfuil ag éirigh go maith léi, a leathnú ionas go mbeidh gnólachtaí neamhspleácha miondíola agus fáilteachais in ann leas a bhaint aisti, ag tacú le hobair dheisiúcháin, péinteáil agus comharthaíocht dhátheangach; feabhsuithe inrochtaineachta agus fáil réidh le go leor stuif; obair dheisiúcháin ar dhéanmhais agus ar fhoirgnimh faoi chosaint; agus comhoibriú le healaíontóirí áitiúla agus úsáid scileanna tógála traidisiúnta.
Tá scéim dreasachta nua dírithe freisin ar earnálacha na turasóireachta, an fháilteachais agus an mhiondíola mar chuid de bhearta rátaí tráchtála na Comhairle.
Leagtar amach sna tograí freisin níos mó bearta bainistithe bruscair, tuilleadh tacaíochta d'fhéilte agus d’imeachtaí agus tionscnaimh an Gheilleagair Oíche, agus ciste forbartha chun an fhéile agus an comórtas bliantúil is mó ceoil, amhránaíochta agus damhsa traidisiúnta na hÉireann - Fleadh Cheoil na hÉireann - a thabhairt go Gaillimh.
Tá na bearta seo leagtha amach ionas go dtiocfaidh cuairteoirí go Gaillimh agus go bhfanfaidh siad thar oíche, le linn tréimhsí níos ciúine, ag spreagadh daoine níos mó airgid a chaitheamh i ngnólachtaí na Gaillimhe taobh amuigh de bhuaicshéasúr an tsamhraidh.
Foilseofar mionsonraí na scéime dreasachta agus tacaíochtaí eile, faoi réir ghlacadh thograí an Bhuiséid ag na Comhaltaí Tofa ag cruinniú bliantúil an bhuiséid an 23 Samhain 2026.
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil freagracht ar an gComhairle ioncam leordhóthanach a ghintear go háitiúil a fháil chun seirbhísí a chothabháil agus infheistíocht a dhéanamh sa gcathair.
“Tá Gaillimh in iomaíocht le cinn scríbe eile, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach, le haghaidh infheistíochta, cuairteoirí, imeachtaí agus gníomhaíocht eacnamaíoch. Mura ngineann an Chomhairle a dóthain maoiniú go háitiúil chun infheistíocht a dhéanamh i nglanadh sráideanna, i mbonneagar poiblí, i ngeilleagar na hoíche, i bpáirceanna, i dtaitneamhachtaí agus i mbainistiú bruscair, is é an margadh a dhéanfaidh an cinneadh, agus caithfear am agus airgead in áiteanna eile. Tá rátaí tráchtála i gCathair na Gaillimhe níos ísle ná mar atá siad ar an meán sa tír - tá siad go mór faoi bhun rátaí bliantúla ar an luacháil i gcathracha Bhaile Átha Cliath, Luimnigh, Chorcaí agus Phort Láirge. Más mian linn ár gcáil a choinneáil mar cheann scríbe ardcháilíochta chun cónaí ann, obair ann, cuairt a thabhairt air, chun staidéar agus infheistíocht a dhéanamh ann, ní mór dúinn infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí agus i mbonneagar áitiúil, agus rátaí tráchtála a chur i gcomhréir níos mó leis an meán náisiúnta.
Dóibhsean atá ina gcónaí sa chathair, má dhéantar leasú ar an gCáin Mhaoine Áitiúil, cuirfear maoiniú ar leataobh go sonrach chun cosáin a dheisiú. Tacóidh sé seo le daoine faoi mhíchumas nó a bhfuil deacrachtaí soghluaisteachta acu, le teaghlaigh a bhfuil bugaithe acu, le páistí scoile, agus leosan a úsáideann iompar poiblí nó a úsáideann seirbhísí áitiúla agus áiseanna pobail.