Athchóiriú á lorg ag Cathair na Gaillimhe ar Mhúnla Maoinithe na nÚdarás Áitiúil

Aerial of the city looking at the Claddagh in the foreground and the docks in the background

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh ar an Rialtas náisiúnta scrúdú a dhéanamh arís ar shamhail mhaoinithe as dáta na n-údarás áitiúil, chun bearnaí suntasacha i seachadadh seirbhísí agus i mbonneagar poiblí ar fud Cheantar Cathrach na Gaillimhe a laghdú. 

Faoin tsamhail mhaoinithe reatha, tá Cathair na Gaillimhe taobh thiar de gach údarás áitiúil eile, uirbeach agus tuaithe, in Éirinn - in ainneoin gurb í cathair na Gaillimhe an t-ionad uirbeach is mó i réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair, agus gur príomhthiománaí fáis eacnamaíochta í go réigiúnach agus go náisiúnta. 

Cén chaoi a ndéantar Údaráis Áitiúla a mhaoiniú?

Tá dhá chineál caiteachais ag Údaráis Áitiúla: 

  • ‘Caipiteal’ nó caiteachas ar bhonneagar amhail páirceanna astro, bealaí rothaíochta, nó foirgnimh phobail mar shampla, agus 

  • ‘Seirbhísí’ – soláthraíonn údaráis áitiúla breis is 1,000 seirbhís ó ghlanadh sráideanna, ionaid athchúrsála, freagairt do dhrochaimsir, leabharlanna, feithiclí tréigthe a thabhairt chun bealaigh, tacaíochtaí do dhaoine gan dídean, deontais agus oiliúint ghnó, monatóireacht agus ceadúnú comhshaoil, go cothabháil reiligí. Is féidir leat an liosta iomlán de na seirbhísí a fheiceáil ar https://Services.LocalGov.ie

Tacaítear le bonneagar nó ‘caiteachas Caipitil’ den chuid is mó le maoiniú rialtais náisiúnta, agus ‘maoiniú meaitseála’ ón údarás áitiúil, a bhíonn maoinithe ag tobhaigh forbartha, iasachtaí, díolacháin maoine/talaimh nó acmhainní inmheánacha eile. D’fhéadfadh tionscadail bhonneagair a bheith incháilithe le haghaidh maoiniú Eorpach freisin.

Maoinítear seirbhísí trí roinnt foinsí éagsúla, lena n-áirítear: 

  • táillí ar earraí agus ar sheirbhísí; 

  • maoiniú agus cláir stáit; 

  • rátaí tráchtála; agus 

  • an Ciste Rialtais Áitiúil (CRÁ). 

Is ciste de chuid an rialtais láir é an Ciste Rialtais Áitiúil (CRÁ) a mhaoiníonn cuid d’obair na n-údarás áitiúil. Tagann an ciste seo ó thrí phríomhfhoinse:

  • Ioncam ón gCáin Mhaoine Áitiúil

  • Ioncam ó mhótarcháin (ní bhaineann sé seo le Comhairle Cathrach na Gaillimhe)

  • Íocaíochtaí ón Státchiste (ciste láir an Rialtais) (ní bhaineann sé seo le Comhairle Cathrach na Gaillimhe)

Gach bliain, déanann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta measúnú ar an gcaoi a ndáiltear an Ciste Rialtais Áitiúil (CRÁ) ar údaráis áitiúla ar fud na tíre.

Ní bhaineann mótarcháin ná íocaíochtaí ón Státchiste le Comhairle Cathrach na Gaillimhe – rud a fhágann gurb í an Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) an príomhfhoinse maoinithe ón gCiste Rialtais Áitiúil don chathair. 

Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim an CMA ar bhonn náisiúnta, agus déantar í a dháileadh ar ais ar údaráis áitiúla bunaithe ar ‘ualú’, lena n-áirítear:

  • Daonra - 10% 

  • Achar - 35% 

  • Leibhéil díothachta – 20% 

  • Ioncam a bhailíonn an t-údarás áitiúil go háitiúil – 27.5% 

  • Gnóthú Tosaíochtaí Beartais Náisiúnta – 7.5%

Leis an ualú simplí seo, caitear le Gaillimh mar limistéar geografach réasúnta beag, a bhfuil daonra 84,000 duine ann. 

Ní chuirtear an daonra mac léinn, os cionn 30,000 duine, ná na cuairteoirí, os cionn 2.4 milliún duine, a thagann chuig an gcathair gach bliain san áireamh agus a chuireann brú ar bhonneagar agus ar sheirbhísí poiblí a fhreastalaíonn ar chónaitheoirí agus ar chuairteoirí araon. Mar shampla, faigheann Amharclann Halla na Cathrach, Leisureland, ionaid phobail agus páirceanna imeartha fóirdheontais shuntasacha ó ioncam a bhailítear go háitiúil.  

I gcásanna ina n-úsáidtear Achar mar thomhas – ní léiríonn méid réasúnta dlúth na Gaillimhe an méid tráchta a bhíonn ar bhóithre uirbeacha na cathrach, ó dhaoine atá ag teacht isteach go Gaillimh, ar príomhionad réigiúnach eacnamaíochta, oideachais agus fostaíochta é, go daoine atá ag dul tríd an gcathair isteach sa réigiún. 

Trí úsáid a bhaint as an ualú sin, tá gach údarás áitiúil i dteideal íosmhéid maoinithe a fháil faoin bpróiseas leithdháilte CMÁ, a dtugtar an ‘Bhunlíne’ air.

Ginfidh Cathair na Gaillimhe €10,339,596 in CMÁ go háitiúil sa bhliain 2026. 

Mar sin féin, socraíodh an bhunlíne do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag €5,099,723 do 2026 – an figiúr is ísle as na 31 údarás áitiúil ar fad sa tír.  

Coinníonn Cathair na Gaillimhe €8,304,998 den €10 milliún; ciallaíonn sé seo go n-infheistítear 20% den Cháin Mhaoine Áitiúil a íocann cónaitheoirí na cathrach in údaráis áitiúla eile ar fud na tíre, rud a théann chun dochair do Chathair na Gaillimhe. 

Tá baill thofa agus lucht bainistíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh ar an rialtas náisiúnta aghaidh a thabhairt ar an éagothroime seo, chun tionchar diúltach ar sheirbhísí agus ar sholáthar bonneagair a sheachaint i réimsí amhail tithíocht, glanadh sráideanna, páirceanna, clóis súgartha, iompar, ealaíona agus cultúr.

Tá an Chomhairle ag lorg figiúr maoinithe ‘bunlíne’ atá ionadaíoch ar líon na gcónaitheoirí agus na mac léinn sa gcathair, agus ar líon na ndaoine a thagann go Gaillimh gach lá chun críocha fostaíochta, oideachais, cúram sláinte, miondíola, turasóireachta agus seirbhísí poiblí.

Dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Helen Ogbu, “Tá Cathair na Gaillimhe ag feidhmiú ar ardán airgeadais atá taobh thiar de gach údarás áitiúil sa tír, lena n-áirítear contaetha tuaithe amhail an Longfort, Ros Comáin agus Liatroim. Tá sé thar a bheith dúshlánach ag ionadaithe poiblí agus ag foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an leibhéal seirbhísí a theastaíonn ó chathair réigiúnach atá ag fás agus ag forbairt a sholáthar, nuair nach ndéantar maoiniú náisiúnta, agus an maoiniú a bhailítear go háitiúil tríd an gCáin Maoine Áitiúil, a leithdháileadh ar bhealach atá ionadaíocht ar stádas nó ar riachtanais seirbhíse na Gaillimhe. Táimid ag iarraidh ar an Rialtas náisiúnta aitheantas a thabhairt do chionroinnt Chathair na Gaillimhe don réigiún, agus don tír, agus bonn maoinithe níos cothroime agus níos inbhuanaithe a chur ar fáil do sheirbhísí áitiúla riachtanacha agus do thionscadail chaipitil”. 

Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Is lárionad fáis ríthábhachtach í Cathair na Gaillimhe, atá ag tacú leis an mbeartas forbartha náisiúnta agus réigiúnach. Mar sin féin, ní léiríonn ualú simplí sna samhlacha maoinithe náisiúnta é seo, rud a fhágann go bhfuil tearc-ualú suntasach ag tarlú i gcomparáid le húdaráis áitiúla eile atá gar dúinn, lena n-áirítear an Clár agus Luimneach. Tá Gaillimh dlúth ó thaobh na tíreolaíochta de, ach feidhmíonn sí mar lárionad uirbeach agus réigiúnach i bhfad níos mó le haghaidh fostaíochta, iompair, oideachais, seirbhísí do dhaoine gan dídean, tithíochta, ealaíon agus cultúir, cúram sláinte agus turasóireachta. Ag obair leis na Comhaltaí Tofa, leanfaimid orainn ag ardú na ceiste seo leis an rialtas náisiúnta. Tá samhail mhaoinithe chothrom riachtanach do sheachadadh seirbhísí, d’infheistíocht chaipitil agus do chumas na Comhairle cómhaoiniú a dhéanamh ar an bhforbairt atá riachtanach chun oibleagáidí atá leagtha amach ar an leibhéal náisiúnta a chomhlíonadh.”