Dréachtbhuiséad 2027 Foilsithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ina Moltar Infheistíocht os cionn €176 mhilliún chun Tacú le Fás na Cathrach Amach Anseo

cover of budget book showing an aerial of Galway City over the Corrib

Tá Dréachtbhuiséad 2027 foilsithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ina leagtar amach clár infheistíochta beartaithe ar fiú níos mó ná €176 mhilliún é chun tacú le cathair atá ag dul i méid, chun pobail a neartú, chun bonneagar ríthábhachtach a chur ar fáil agus chun Gaillimh a réiteach do na deiseanna agus na dúshláin a thiocfaidh chun cinn sna blianta amach romhainn.

Moltar sa Dréachtbhuiséad buiséad ioncaim €176.5 milliún in éineacht le clár caipitil ar fiú níos mó ná €100 milliún é, arb ionann é agus leibhéal infheistíochta mór i dtithíocht, in iompar, i ngníomhú ar son na haeráide, i bhforbairt gheilleagrach, i saoráidí pobail, i bhfeabhsuithe ar an bhfearann poiblí agus i seirbhísí riachtanacha an údaráis áitiúil.

De réir mar a leanann daonra na Gaillimhe ag fás go mór agus de réir mar a thagann méadú ar an éileamh atá ar sheirbhísí, féachann an buiséad le cothromaíocht a bhaint amach idir soláthar na seirbhísí laethúla agus infheistíocht fhadtéarmach a chuideoidh le todhchaí na cathrach is mó fáis in Éirinn a threorú. Tacaíonn na tograí le huaillmhian na Comhairle cathair níos inbhuanaithe, níos nasctha, níos athléimní agus níos rathúla a dhéanamh de Ghaillimh agus a chinntiú ag an am céanna go leanfaidh pobail ar fud na cathrach de thairbhe a bhaint as seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán.

Áirítear sa Dréachtbhuiséad infheistíocht leanúnach i seachadadh agus i gcothabháil tithíochta, seirbhísí do dhaoine gan dídean, bonneagar bóithre agus cosáin, tionscnaimh gníomhaithe ar son na haeráide, páirceanna agus caitheamh aimsire, forbairt pobail, leabharlanna, na healaíona agus cultúr, turasóireacht, forbairt gheilleagrach agus seirbhísí éigeandála. Déantar soláthar ann freisin d’infheistíocht i mórthionscadail chaipitil agus i dtionscnaimh straitéiseacha atá leagtha amach chun tacú le fás na Gaillimhe amach anseo agus chun feabhas a chur ar cháilíocht saoil na ndaoine atá ina gcónaí inti, na ngnólachtaí agus na gcuairteoirí.

Is éard a bhí le rá ag Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, faoi fhoilsiú an Dréachtbhuiséid:

"Tá tús á chur i nGaillimh le tréimhse fáis agus deiseanna móra. Is í Cathair na Gaillimhe is cúis le dul chun cinn geilleagrach an Iarthair agus is í ceann de na cathracha is dinimiciúla in Éirinn, mar sin, ní mór dúinn leanúint orainn d'infheistíocht a dhéanamh i dtithíocht, sa mbonneagar, sna seirbhísí poiblí agus sna háiseanna pobail a thacóidh todhchaí na cathrach. Tá níos mó i gceist leis an Dréachtbhuiséad ná seirbhísí a chothabháil amháin. Tá sé i gceist leis Gaillimh a réiteach don chéad chéim eile dá forbairt, iomaíochas a neartú, tacú le fás inbhuanaithe, teacht aniar ó thaobh aeráide a chothú agus a chinntiú go leanfaidh an chathair de bheith ina háit tharraingteach chun cónaí ann, oibriú ann, infheistíocht a dhéanamh ann agus cuairt a thabhairt air.

Léiríonn scála na hinfheistíochta atá beartaithe an uaillmhian atá againn do Ghaillimh agus an fhreagracht atá orainn beart a dhéanamh dár bpobail. Tríd an mbuiséad seo, tá muid ag infheistiú sna bunsraitheanna a chuirfidh ar chumas ár gcathair a bheith faoi bhláth do na glúnta atá le teacht.”

I measc na mbeart atá san áireamh sa Dréachtbhuiséad tá tacaíocht leanúnach d’athbheochan lár na cathrach, infheistíocht i dtithíocht agus i mbonneagar pobail, cur chun feidhme tionscadal maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus dícharbónú, slacht a chur ar spásanna poiblí agus áiseanna, tacaíocht d’fhorbairt gnó agus don turasóireacht, agus cur chun cinn príomhthionscadal straitéiseach ar fud na cathrach.

Is éard a dúirt Helen Kilroy, an Stiúrthóir Airgeadais:

“Réitíodh an Dréachtbhuiséad seo i gcomhthéacs na n-éileamh seirbhíse atá ag dul i méid, na mbrúnna leanúnacha ar chostais agus an ghá atá ann leanúint d'infheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí na Gaillimhe. Cuirtear na hacmhainní a theastóidh ar fáil leis chun seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil agus ag an am céanna tacaíonn sé le hinfheistíocht straitéiseach i dtithíocht, bonneagar, forbairt eacnamaíochta agus folláine an phobail.

Léiríonn an buiséad cothromaíocht chúramach idir inbhuanaitheacht airgeadais agus uaillmhian. Cinntítear leis gur féidir le Comhairle Cathrach na Gaillimhe leanúint de bheith ag freastal ar riachtanais cathrach atá ag dul i méid sa lá atá inniu ann agus na hinfheistíochtaí a theastaíonn a dhéanamh chun tacú leis na glúnta amach anseo.”

Déanfaidh Comhaltaí Tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe an Dréachtbhuiséad a mheas anois ag an gCruinniú Buiséid Bliantúil Dé Luain, ag a ndéanfaidh comhairleoirí athbhreithniú ar na tograí agus a gcinnfidh siad an buiséad do 2027.

Má ghlactar leis, beidh an buiséad mar bhonn agus mar thaca ag soláthar leanúnach na seirbhísí riachtanacha a chuireann an t-údarás áitiúil ar fáil agus ag an am céanna tacóidh sé le clár mór infheistíochta atá deartha chun geilleagar na Gaillimhe a neartú, cáilíocht saoil a fheabhsú, inbhuanaitheacht a fheabhsú agus a chinntiú go mbeidh an chathair in áit mhaith le go mbeidh sí in ann fás go leanúnach sna blianta amach romhainn.

Tá an dréachtbhuiséad le fáil ar líne