Beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Cathracha Misin an Aontais Eorpaigh ag reáchtáil ócáid eolais phoiblí, "Dílí Báistí: Beart Áitiúil agus Réitigh Áitiúla” an 26 Samhain 2026 sa PorterShed, Sráid an Mhargaidh, Gaillimh, idir 5:00pm agus 7:30pm. Cuirfear treoir phraiticiúil ar fáil d'úinéirí tí, do chumainn chónaitheoirí, do scoileanna, do ghrúpaí spóirt agus pobail agus do ghnólachtaí le linn na hócáide maidir le hullmhú do dhílí báistí agus do thuilte áitiúla agus beart a dhéanamh ina leith. I measc na samplaí a scrúdófar le linn na hócáide beidh soithí plandaí báistí, linnte i ngairdíní, pábháil thréscaoilteach, díonta glasa agus cur crann gan ach cúpla ceann a lua. Chun clárú, téigh chuig: www.GalwayCity.ie/ExtremeRainfall
Tá an ócáid á reáchtáil agus dúshláin mhéadaitheacha roimh phobail ar fud na hÉireann mar gheall ar bháisteach a bheith ag titim níos minice agus mar gheall ar bháisteach níos troime a bhaineann leis an athrú aeráide. Cloisfidh na daoine a bheidh i láthair ó phríomhshaineolaithe sa mheitéareolaíocht, san oiriúnú don athrú aeráide agus sa bhithéagsúlacht, agus gheobhaidh siad amach faoi bhearta praiticiúla a d’fhéadfadh cuidiú le riosca tuilte a laghdú, athléimneacht áitiúil a chothú agus tacú leis an dúlra.
I measc na gcainteoirí tá Barry Coonan as Met Éireann, David McNicholas, Oifigeach Bithéagsúlachta le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, agus an Dr Cera Slevin as Climate Matters.
Is éard a dúirt Tiarnan McCusker, Oifigeach Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide le Comhairle Cathrach na Gaillimhe:
"De réir mar a leanann an t-athrú aeráide de chur le minicíocht agus le déine na ndílí báistí, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go mbeadh an t-eolas agus na huirlisí praiticiúla ag pobail chun freagairt dóibh. Cuirfear comhairle úsáideach inghníomhaithe ar fáil do theaghlaigh, do ghrúpaí pobail agus do ghnólachtaí le linn na hócáide seo, a chuideoidh leo rioscaí áitiúla a thuiscint agus bearta a shainaithint ar féidir leo fíordhifríocht a dhéanamh. Trí oibriú le chéile ar leibhéal an phobail, is féidir linn athléimneacht a neartú agus ullmhú níos fearr d’adhaimsir amach anseo."
Leagfar béim le linn na hócáide freisin ar réitigh áitiúla dhúlrabhunaithe agus réitigh faoi stiúir an phobail a d’fhéadfadh cuidiú le huisce dromchla a bhainistiú, tionchair tuilte a laghdú agus tacú le hiarrachtaí oiriúnaithe don athrú aeráide ar fud na cathrach.
Níl aon chostas i gceist chun freastal ar an ócáid seo agus tá fáilte roimh chách. Cuirfear sólaistí ar fáil.
Chuir Ardán Cur Chun Feidhme an Mhisin (MIP4Adapt) de Mhisean an Aontais Eorpaigh um Oiriúnú don Athrú Aeráide tacaíocht ar fáil chun an ócáid seo a reáchtáil. Chun clárú, téigh chuig: www.GalwayCity.ie/ExtremeRainfall