Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le cathracha eile i dtíortha Iarthuaisceart na hEorpa chun comhoibriú ar an tionscadal Sráideanna 2030 atá á mhaoiniú ag Interreg. Is é is aidhm don Tionscadal seo an t-athrú a theastaíonn chun a chinntiú go bhfanfaidh sráideanna Iarthuaisceart na hEorpa sábháilte agus tarraingteach don rothaíocht agus don siúl a bhaint amach, a fhágfaidh go mbeidh siad seasmhach ó thaobh na haeráide agus go mbeidh siad gníomhach faoi 2030.
Tá bagairt mhór roimh an aistriú rathúil chuig taisteal gníomhach ar fud Iarthuaisceart na hEorpa: an t-athrú aeráide agus na tionchair atá ag éirí níos feiceálaí dá bharr, mar is léir ó theagmhais adhaimsire amhail tonnta teasa, báisteach throm, tuilte, gaoth láidir... Tá níos mó agus níos mó infheistíochta á déanamh ag ceantair uirbeacha Iarthuaisceart na hEorpa sa siúl agus sa rothaíocht, ach tá an baol don bhonneagar ag dul i méid de bharr na dteagmhas aimsire thuasluaite, a fhágann nach bhfuil saoráidí rothaíochta agus siúil chomh tarraingteach céanna agus a chuireann bac ar an aistriú riachtanach i dtreo iompar uirbeach atá éiceabhách, sláintiúil agus sábháilte. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm le tionscadal Sráideanna 2030 réitigh a chur ar fáil lena bhfeabhsaítear athléimneacht aeráide an bhonneagair atá dírithe ar iompar gníomhach (ATI), ón tráth a ndeartar é go dtí go dtógtar é, lena n-áirítear an úsáid a bhaintear as a mheas.
Is é an cuspóir foriomlán féachaint chuige go seasfaidh sráideanna Iarthuaisceart na hEorpa an aimsir agus sin a bhaint amach trí na huirlisí agus an saineolas a thabhairt do phleanálaithe cathrach agus do chleachtóirí níos leithne (e.g. conraitheoirí tógála bóithre, gnólachtaí innealtóireachta sibhialta, cinnteoirí agus teicneoirí áitiúla poiblí) chun athléimneacht aeráide a bheith mar chuid dhíreach dá mBonneagar Taistil Ghníomhaigh (ATI). Chuige sin, leis an tionscadal 1) cuirtear feabhas ar mheasúnú agus ar phleanáil athléimneacht aeráide ATI; 2) déantar nuálaíochtaí ATI glasa agus liatha a phíolótú agus a bhailíochtú chun éifeachtaí na bpríomhtheagmhas aeráide (teas, báisteach throm, athruithe séasúracha) a mhaolú; 3) déantar an bhearna a líonadh idir an t-oiriúnú don athrú aeráide agus sadhlanna na roinne soghluaisteachta uirbí trí na hacmhainneachtaí cearta a fhorbairt maidir le taisteal gníomhach atá seasmhach ó thaobh na haeráide.
Faoi stiúir Cerema, tugtar sé údarás áitiúla ó réigiún Iarthuaisceart na hEorpa le chéile faoin tionscadal Sráideanna 2030, is iad sin:
- Freie Hansestadt Bremen (An Ghearmáin),
- Comhairle Cathrach na Gaillimhe (Éirinn)
- Gemeente Leeuwarden (An Ísiltír),
- Stad Sint-Niklaas (An Bheilg),
- Nantes Métropole (An Fhrainc)
- Département de la Haute-Saône (An Fhrainc)
agus dhá chomhpháirtí theicniúla, Ionad Taighde Bóithre na Beilge (BRRC) agus líonra na n-údarás áitiúil Eorpach, líonra POLIS.
Mairfidh an tionscadal 41 mhí, go dtí earrach 2029.
Maoiniú iomlán ón Aontas (ar fud na gcomhpháirtithe uile) - €2,806,541
Buiséad iomlán an Tionscadail (ar fud na gcomhpháirtithe uile) - €4,677,569