An tAthrú Aeráide a Mhaolú

Is éard atá i gceist leis an Athrú Aeráide a Mhaolú gníomhaíocht chun an dóchúlacht go dtarlóidh teagmhas a laghdú nó an tionchar a bheadh aige dá dtarlódh sé a laghdú.

Cad atá i gceist leis an Athrú Aeráide a Mhaolú?

Is éard atá i gceist leis an Athrú Aeráide a Mhaolú gníomhaíocht chun an dóchúlacht go dtarlóidh teagmhas a laghdú nó an tionchar a bheadh aige dá dtarlódh sé a laghdú.

Áirítear leis seo na cúiseanna leis an athrú aeráide a laghdú (e.g. astuithe gáis cheaptha teasa) chomh maith le rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide sa todhchaí a laghdú.

Cad iad na gáis cheaptha teasa?

Is éard atá i gceist leis na gáis cheaptha teasa gáis a cheapann fuinneamh a radaíonn an Domhan nuair atá siad san atmaisféar; tugtar an iarmhairt cheaptha teasa air seo. Déantar na gáis seo trí phróisis nádúrtha nó dhaonna.

Is é ceo uisce an gás ceaptha teasa nádúrtha is coitianta.

Áirítear leis na gáis cheaptha teasa a astaítear mar gheall ar ghníomhaíocht an duine dé-ocsaíd charbóin, meatán, gáis fhluairínithe, ózón agus ocsaíd nítriúil.

Spriocanna Éifeachtúlachta Fuinnimh

Tá sé mar sprioc ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe mar Chomhlacht Poiblí feabhas a chur ar a héifeachtúlacht fuinnimh faoi 33% faoi 2020 ón mbunbhliain 2009.

Déantar an Éifeachtúlacht Fuinnimh a thomhas le Táscaire Feidhmíochta Fuinnimh (EnPI).

Foilsítear tomhaltas bliantúil fuinnimh agus feidhmíocht bhliantúil éifeachtúlachta fuinnimh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe anseo ar shuíomh gréasáin an SEAI https://psmr.seai.ie/public.

Tionscadail Iarfheistithe

Leanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe de bheith ag cur spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus laghdaithe carbóin 2030 chun cinn mar chuid de Phlean Gníomhaíochta an Údaráis Áitiúil ar son na hAeráide (PGÚÁA)...

Leisureland