Tugtar fógra leis seo de bhun Alt 58 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024 go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, arb í an tÚdarás Pleanála don Chathair í, athrú a dhéanamh ar Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023 – 2029 i leith na nithe seo a leanas:
Athrú Beartaithe Uimh. 3 (RIACHTANAIS FÁIS TITHÍOCHTA I nDÁIL LE CUR I bhFEIDHM AN CHREATA NÁISIÚNTA PLEANÁLA) Is chun freagairt d’athruithe a rinneadh le déanaí ar an mbeartas pleanála Náisiúnta é an tAthrú Beartaithe, eadhon foilsiú an Chéad Athbhreithnithe ar an gCreat Náisiúnta Pleanála agus foilsiú Treoirlínte Alt 28 ón Aire maidir le Cur i bhFeidhm an Chreata Náisiúnta Pleanála - Riachtanais Fáis Tithíochta faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú).
Agus aghaidh á tabhairt ar na riachtanais nua fáis tithíochta agus ar athruithe eile ar an mbeartas náisiúnta pleanála, moltar san athrú atá beartaithe athruithe a dhéanamh ar an ráiteas scríofa agus ar na léarscáileanna i bPlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023 - 2029, lena n-áirítear, inter alia: athruithe ar chuspóirí criosaithe úsáide talún le haghaidh roinnt tailte sainaitheanta chun úsáidí cónaithe a éascú; suíomhanna a shainaithint chun soláthar a dhéanamh do riachtanais tithíochta fhadtéarmacha tar éis shaolré an Phlean Forbartha reatha; breisithe agus/nó athruithe ar bheartais, ar chuspóirí agus ar bhearta chun tacú le forbairt agus gníomhachtú tailte cónaithe criosaithe atá ann cheana agus chun an fhorbairt agus an gníomhachtú sin a éascú. Cinnteoidh an t-athrú atá beartaithe cur chuige comhordaithe atá bunaithe ar phlean maidir le soláthar tithíochta a bheidh ag teacht leis an mbeartas náisiúnta, a thacóidh leis an bhfreagairt leanúnach ar an ngéarchéim tithíochta agus a chinnteoidh comhsheasmhacht le beartas pleanála náisiúnta nuashonraithe agus le Treoirlínte an Aire faoi Alt 28.
Tá an méid seo a leanas ag gabháil leis an Athrú atá beartaithe:
- Tuarascáil Comhshaoil um Measúnú Straitéiseach Timpeallachta (MST) (lena n-áirítear cinneadh scagtha MST) faoi na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (MST) 2004, arna leasú;
- Tuarascáil Tionchair Natura Measúnaithe Chuí (MC) (lena n-áirítear cinneadh scagtha MC) de réir Chuid 6 den Acht; agus
- Tuarascáil Straitéiseach um Measúnú Priacal Tuile de réir riachtanais Threoirlínte an Aire Alt 28 “An Córas Pleanála agus Treoirlínte um Bainistiú Priacal Tuile d'Údaráis Phleanála” (2009).
Tá cóip den athrú beartaithe agus de dhoiciméid ghaolmhara MST, MC agus MSPT ar fáil le breathnú orthu agus le híoslódáil ar líne ag consult.galwaycity.ie/browse
Fógra Cinnidh maidir leis an Measúnú Cuí ar Athrú Beartaithe Uimh. 3 ar Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029
Maidir leis an gCinneadh i leith Mheasúnú Cuí ar Athrú Beartaithe Uimh. 3 ar Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029, ar bhonn scagadh le haghaidh measúnú cuí, chinn an t-údarás pleanála nach féidir an dóchúlacht go mbeidh éifeachtaí suntasacha ag Athrú Beartaithe Uimh. 3 ar Phlean Forbartha na Cathrach 2023-2029 (ina aonar nó in éineacht le haon tionscadal nó plean eile) ar láithreáin Eorpacha a eisiamh (rinneadh scrúdú ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an Athrú Beartaithe i gcomhthéacs roinnt tosca a bhféadfadh éifeachtaí suntasacha a bheith mar thoradh orthu, mura ndéanfaí maolú orthu, ar aon láithreán Eorpach) agus, mar thoradh air sin agus ag féachaint do na cuspóirí caomhnaithe a bhaineann le láithreáin Eorpacha ábhartha, go bhfuil gá le Measúnú Cuí a dhéanamh ar an Athrú Beartaithe. Is féidir teacht ar an gCinneadh maidir leis an ngá le Measúnú Cuí ag consult.galwaycity.ie/browse.
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh:
Iarrtar leis seo aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an Athrú Beartaithe agus na doiciméid ghaolmhara ón bpobal agus ó chomhlachtaí leasmhara. Féadfar aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn a dhéanamh idir Dé hAoine an 6 Márta 2026 agus Dé Máirt 07 Aibreán 2026 ar cheann de na bealaí seo a leanas:
- Ar an tairseach comhairliúcháin ar líne tar éis clárú ar consult.galwaycity.ie/browse
- Ar an bpost chuig: An Pleanálaí Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91X4K8.
Ba cheart aighneachtaí agus tuairimí a chur ar aghaidh ar aon bhealach amháin i.e. tríd an tairseach comhairliúcháin nó trí chóip chrua ar an bpost. Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe gach aighneacht nó tuairim a gheofar laistigh den tréimhse shonraithe san áireamh agus beidh siad ar fáil don phobal sula ndéanfar aon chinneadh maidir le hAthrú Beartaithe Uimh. 3. 4pm Dé Máirt, 07 Aibreán 2026 an dáta deiridh chun aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn a chur faoi bhráid.
Dóibh siúd nach bhfuil teacht acu ar an idirlíon, beidh cáipéisí ar fáil freisin lena scrúdú sa Rannóg Pleanála le linn gnáthuaireanta oscailte. Glaoigh ar an uimhir (091) 536400 má tá aon cheist agat. Beidh cáipéisí ar fáil freisin le linn thréimhse an chomhairliúcháin sna háiteanna seo a leanas:
Leabharlann Chathair na Gaillimhe, Sráid San Aibhistín. (091) 509094
Leabharlann an Bhaile Bháin, Bóthar Pháirc an Chaisleáin, an Baile Bán. (091) 509244
Leabharlann an Taoibh Thiar, Bóthar Shéamais Uí Chuirc, Gaillimh. (091) 509091
Ionad Pobail Chnoc na Cathrach, Páirc na Ceapaí. (091) 867594
Ionad Pobail Bhaile an Phoil/An Caisleán Gearr, Bóthar Áth Cinn. (091) 429620
Tabhair faoi deara go bhféadfadh uaireanta oscailte srianta a bheith sna hionaid sin.
Arna shíniú ag:
Patricia Philbin,
Stiúrthóir Seirbhísí, Forbairt Uirbeach