Pórt Tithíóchta ináírithe Sli na hAbhann ag dul BEO ar an Luan, 11 Bealtaine ag 12 a chloig

Sli na hAbhann

Tá áthas ar Cairn Homes 25 teach nua i Slí na hAbhann, Ballymoneen Rd, Cathair na Gaillimhe e a chur ar an margadh. Tá deich lár-shraithe 2 Sheomra Leapa (Le 1 hÁit Pháirceála), cúig lár-shraithe 3 Sheomra Leapa (Le 2 hÁit Pháirceála), deich ardán deireadh 3 Sheomra Leapa (Le 2 hÁit Pháirceála), á ndíol i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe trí na socruithe le haghaidh tithe inacmhainne faoin Acht um Thithíocht Inacmhainne, 2021 agus na rialacháin a ghabhann leis. 

Glacfar le hiarratais ó mheán lae (12.00) Dé Luain an 11 Bealtaine 2026 go dtí meán lae (12.00) Dé Mairt 2 Meitheamh 2026. Is féidir clárú agus iarratas a dhéanamh ar an tairseach ar líne ar www.galwaycity.ie/hAbhann 

Tabharfar tús áite do gach iarratas báire de réir an dáta agus an ama a gheofar iad i gcomhréir le Scéim Tosaíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe. 

An t-iosphraghas ceannaigh: 

  • €330,000 atá ar na tithe lár-shraithe 2 sheomra leapa (Le 1 hÁit Pháirceála)
  • €400,000 atá ar na tithe lár-shraithe 3 Sheomra Leapa (Le 2 hÁit Pháirceála)
  • €415,000 atá ar na tithe ardán deireadh 3 sheomra leapa  (Le 2 hÁit Pháirceála)

TDéanfar an praghas ceannaigh a íocfar a ríomh bunaithe ar d’ioncam agus do chumas morgáiste. Rachaidh tú I mbun Comhaontú Ceannaigh um Áitreabh Inacmhainne le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a ghlacfaidhgnáthscair i do theach, arb ionann an méid sin agus an difríocht idir an luach margaidh agus an praghas ceannaigh a íocfaidh tú. Is mar chéatadán de luach margaidh an tí a dhéantar an ghnáthscair a léiriú. 

Beidh tú in ann an ghnáthscair i do theach a cheannach amach am ar bith taobh istigh de 40 bliain in aon íocaíocht amháin nó i sraith íocaíochtaí le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Is gá an ghnáthscair a íoc ar ais má thagann cásanna áirithe chun cinn. 

Féach na Ceisteanna Coitianta ar www.galwaycity.ie/affordable-housing

SCÉIM TITHÍOCHTA INACMHAINNE

 Tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar an scéim má tá na critéir seo a leana á gcomhlíonadh agat: 

• Más Ceannaitheoir Céaduaire thú nó má chomhlíonann tú na heisceachtaí de réir an Phrionsabail le haghaidh Tús Nua. 

• Ní mór an ceart a bheith ag gach duine atá san iarratas cónaí sa Stát. 

• Ní mór gurb é an teach inacmhainne d’áit chónaithe. 

• Ní mór ar a laghad 5% de bhun cothromais a bheith ag teastáil uait ón údarás áitiúil. 

• Ní mór ar a laghad 10% den phraghas ceannaigh a bheith mar éarlais agat. 

• Ní mór d'iarratasóirí a morgáiste a bheith ceadaithe i bprionsabal dóibh sula ndéanann siad iarratas ar theach inacmhainne. 

Beidh an praghas a íocfaidh tú as do theach níos airde má bhíonn d’ioncam agus cumas morgáiste níos aired agus beidh an ghnáthscair níos ísle. Tá na teorainneacha ioncaim leagtha amach sa tábla thíos. 

Má tharlaíonn go bhfuil d’ioncam comhlán teaghlaigh níos airde ná na teorainneacha seo ach go bhfuil cumas morgáiste níos lú agat, tá seans ann go mbeidh tú fós incháilithe chun iarratas a dhéanamh. 

cMá tá coigilteas, bronntanais nó cabhair agat le ceannach, b'fhéidir go mbeifeá in ann ceannach le hioncam teaghlaigh níos ísle. 

 

Cineál Maoine 

Teorainn ar Oillioncam Teaghlaigh 

Comhroinn Cothromais Max

Luagh Margaigh

Iosphraghas Ceannaigh

Uasphraghas Ceannaigh

Deich lár-shraithe 2 Sheomra Leapa (Le 1 hÁit Pháirceála)

€74,250

€75,000

€405,000

€330,000

€384,500

Cúig lár-shraithe 3 Sheomra Leapa (Le 2 hÁit Pháirceála)

€90,000

€75,000

€475,000

€400,000

€451,000

Deich ardán deireadh 3 Sheomra Leapa (Le 2 hÁit Pháirceála

€93,375 

€75,000

€490,000

€415,000

€465,500