Nuacht

Galway City Honours

Tugann Cathair na Gaillimhe Onóir d'Fhir agus do Mhná na hÉireann a fuair bás i gCogaí san am atá thart nó ar sheirbhís le Misin Síochánaíochta na Náisiún Aontaithe

15 July 2024

Ghlac Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, agus Comhaltaí Tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe páirt i searmanas corraitheach cuimhneacháin chun ómós a thabhairt d'fhir agus do mhná na hÉireann a fuair bás i gcogaí roimhe seo nó ar sheirbhís le Coimeád Síochána na Náisiún Aontaithe, ag searmanas Chathair na Gaillimhe do Lá Náisiúnta an Chuimhneacháin in Ollscoil na Gaillimhe Dé Domhnaigh, an 14 Iúil 2024. Is é an searmanas seo an 14ú huair a d'óstáil Comhairle Cathrach na Gaillimhe an Searmanas Cuimhneacháin seo, a bhí ar siúl i gcomhar le hÓglaigh na hÉireann agus le hOllscoil na Gaillimhe.

Image of City Hall

Measúnú Ar Riachtanais Tithíochta 2024

10 July 2024

De réir Alt 21 den Acht Tithíochta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 agus Alt 6 den Acht Tithíochta (Cóiríocht do Thaistealaithe) 1998, tá treoir faighte ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tabhairt faoi Mheasúnú ar Riachtanais Tithíochta i 2024.

Cafe Lates Logo

Glao ar Chaiféanna i gCathair na Gaillimhe

5 July 2024

Tá áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tionscnamh “Café Lates” a fhógairt, tionscnamh píolótach deontais atá ceaptha chun cultúr bríomhar éagsúil caiféanna déanacha a chothú.

Age Friendly Alliance Meeting Group

Cruinniú Ráithiúil Chomhaontas Aoisbhá na Gaillimhe

1 July 2024

Galway City Council hosted the quarterly Galway Age Friendly Alliance meeting on Wednesday 26 June 2024. The Alliance is a voluntary partnership made up of representatives from public sector agencies and other organisations that promote a positive approach to ageing.

Traveller Accomodation Programme

Dréachtchlár Cóiríochta don Lucht Siúil 2025-2029

1 July 2024

Mar atá leagtha amach i bhforálacha Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998, tá Dréachtchlár Cóiríochta don Lucht Siúil curtha i dtoll a chéile ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe a don tréimhse 2025-2029.

Climate Sound Art Marketing Image

Glao Amach le haghaidh Fuaimeanna an Athraithe Aeráide

14 June 2024

Tugann Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach na Gaillimhe cuireadh d’ealaíontóirí fuaime tograí a chur isteach le haghaidh deontais chun saothar ealaíne a fhreagraíonn don suíomh a dhéanamh d’Fhéile Aeráide na Gaillimhe 2024.