Léiriú Spéise – Oibriú Bhoth Thrá na mBan, Bóthar na Trá

Kiosk_Ladies_Beach

 

 

Cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh Léirithe Spéise ó oibritheoirí atá cáilithe go cuí le haghaidh oibriú séasúrach an Bhotha ag Trá na mBan i mBóthar na Trá. Bronnfar an lamháltas ar an togra is buntáistí agus is comhlíontaí ó thaobh na heacnamaíochta de. 

 

Beidh sé de cheangal ar an oibreoir rathúil gach gníomhaíocht an bhotha ó lá go lá a bhainistiú, réimse ar ardchaighdeán de sneaiceanna agus deochanna teo a chur ar fáil agus a chinntiú go bhfuil siad ag comhlíonadh go hiomlán chaighdeáin sábháilteachta an Aontais Eorpaigh agus na reachtaíochta ábhartha uile. Ní mór do na praghsanna a bheith réasúnta agus ar taispeáint go soiléir – tabhair do d’aire go bhfuil cosc dian ar alcól a dhíol.  Ní mór d’oibreoirí seirbhís ghlan ghairmiúil a chur i láthair, trealamh a choinneáil in ord maith agus staonadh ó fhógraíocht neamhúdaraithe nó ó úsáid trealaimh fuaime.   Tá sé éigeantach cloí go hiomlán le riachtanais Sláinte & Sábháilteachta, le riachtanais sláinteachais bia agus le Polasaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le Cosaint Leanaí.

 

 Ba cheart do dhaoine a bhfuil suim acu sa deis seo teagmháil a dhéanamh le Rannóg Caitheamh Aimsire agus Taitneamhachta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag Parks.Department@galwaycity.ie chun na cáipéisí don Léiriú Spéise a iarraidh. 4pm Déardaoin an 5 Márta 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.