Plean Mór Pháirc Chomharsanachta na Rinne Móire - Fógraí Oibreacha Imscrúdaithe Suímh - 13 Iúil - 30 Iúil 2026

Renmore Banner Graphic.jpg

TUGTAR FÓGRA LEIS SEO, go ndéanfar, mar chuid de Thionscadal Pháirc Chomharsanachta na Rinne Móire, imscrúduithe láithreáin laistigh de Pháirc Uí Nualláin, Páirc Melody agus de na limistéir uirbeacha phoiblí máguaird.

 

Áireofar sna himscrúduithe sin measúnú ar thréscaoilteacht screamhuisce le haghaidh rialú screamhuisce agus cáilíocht agus doimhneacht na barrithreach ar fud an láithreáin.

Cuirfidh torthaí na n-imscrúduithe seo bonn eolais faoin bhforbairt dearaidh do Thionscadal Pháirc Chomharsanachta na Rinne Móire.

Chun sábháilteacht phoiblí a chinntiú, beidh srianta sealadacha agus áitiúla i bhfeidhm idir 8.00am agus 6.00pm, ó Luan go hAoine, agus ón 8:00am agus 1:00pm Dé Sathairn, fad is a bheidh na hoibreacha seo ar siúl.

Fanfaidh Páirc Uí Nualláin agus Páirc Melody oscailte, agus ní dhúnfar na páirceanna spóirt; mar sin féin, d’fhéadfadh cur isteach gearrthéarmach nó rochtain shrianta a bheith ar limistéir áirithe.

Táimid buíoch as do chuid foighne agus as comhoibriú le linn na tréimhse seo.

Tarlóidh na himscrúduithe idir 13 Iúil agus 30 Iúil