Is deis spreagúil é Tionscadal Pháirc Chomharsanachta na Rinne Móire chun na spásanna glasa atá suite ar fud na Rinne Móire, Thrá Bhaile an Locháin agus Loch an tSáile a athshamhlú agus a nascadh le chéile.
Cuireann an chéim rannpháirtíochta seo le comhairliúchán fairsing poiblí a rinneadh in earrach agus i bhfómhar na bliana 2025. Tá athbhreithniú agus anailís déanta ag an bhFoireann Dearaidh ar an aiseolas a fuarthas agus, ag féachaint do na riachtanais pholasaí ábhartha agus srianta suímh, tá na dearaí is fearr ullmhaithe aici don Rinn Mhór, do Thrá Bhaile an Locháin agus do Loch an tSáile.
Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus leis an bhFoireann Dearaidh cuireadh a thabhairt duit féachaint ar na dearaí is fearr agus aiseolas a chur ar fáil tríd an suirbhé gearr ar líne, atá ar fáil trí shuíomh gréasáin an tionscadail. Dúnfar an tréimhse aighneachta Dé Domhnaigh an 10 Bealtaine 2026.
Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus leis an bhFoireann Dearaidh cuireadh a thabhairt duit freisin freastal ar imeacht rannpháirtíochta poiblí ‘buail isteach’ le breathnú ar na dearaí is fearr don tionscadal agus aiseolas a thabhairt ina leith:
-
Dáta: Dé Luain 20 Aibreán 2026
-
Am: 3:30pm go 8pm
-
Ionad: Óstán an Connacht Hotel, Seanbhóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh, H91 K5DD
Cuideoidh tuairimí an phobail linn cruth a chur ar thodhchaí an cheantair lena chinntiú go bhfreastalófar ar riachtanais an phobail áitiúil anois agus sna blianta atá amach romhainn.