TUGTAR FÓGRA LEIS SEO, go ndéanfar, mar chuid de Thionscadal Pháirc Phoiblí na Páirce Theas agus an Fhearainn Uirbigh Phoiblí, imscrúduithe láithreáin laistigh den pháirc agus de na limistéir uirbeacha phoiblí máguaird.
Áireofar sna himscrúduithe sin measúnú ar leibhéil agus sreabhadh screamhuisce, doimhneacht an mhaoschláir, agus comhdhéanamh, doimhneacht agus nádúr na hithreach.
Cuirfidh torthaí na n-imscrúduithe seo bonn eolais faoin bhforbairt dearaidh do Thionscadal Pháirc Phoiblí na Páirce Theas agus an Fhearainn Uirbigh Phoiblí.
Chun sábháilteacht phoiblí a chinntiú, beidh srianta sealadacha agus áitiúla i bhfeidhm idir 8.00am agus 6.00pm, ó Luan go hAoine, fad is a bheidh na hoibreacha seo ar siúl.
Fanfaidh an pháirc oscailte, agus ní dhúnfar na páirceanna spóirt; mar sin féin, d’fhéadfadh cur isteach gearrthéarmach nó rochtain shrianta a bheith ar limistéir áirithe.
Táimid buíoch as do chuid foighne agus as comhoibriú le linn na tréimhse seo.
Is ó cuigiú lá déag do mhí Meitheamh don seachtú lá déag do mhí Lúil a bheidh na himscrúduithe láithreáin seo ar siúl.