
Tionscnamh Oiliúna nua “Slán Sábháilte” do Ghnólachtaí agus Oibrithe Geilleagair Oíche.
Cuirfidh tionscnamh sábháilteachta don Gheilleagar Oíche ar a dtugtar “Slán Sábháilte” oiliúint agus teimpléid pholasaí ar líne saor in aisce ar fáil do ghnólachtaí Geilleagair Oíche agus dá n-oibrithe. Tá an clár seo, a d’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, leagtha amach chun saol na hoíche a dhéanamh níos sábháilte, níos ionchuimsithí agus níos taitneamhaí do chách.
Beidh teacht saor in aisce go ceann 12 mhí ag naoi suíomh phíolótacha Geilleagair Oíche, Gaillimh ina measc, ar an oiliúint phraiticiúil seo, agus beidh teimpléid pholasaí nua ar fáil ar fud na tíre. Dírítear leis an tionscnamh ar shábháilteacht custaiméirí agus oibrithe araon a fheabhsú trí uirlisí a chur ar fáil don fhoireann oibre chun daoine aonair leochaileacha a aithint agus dochar a chosc.
Arna fhorbairt ag Night-Time Economy Solutions (NTES) agus faoi stiúir an naonúr Comhairleoirí Geilleagair Oíche, cuirtear feasacht níos fearr ar fáil leis an oiliúint d’oibrithe ar a bhfreagrachtaí agus ar a ndualgas cúraim. Cuimsíonn an t-ardán ar líne roinnt modúl tapa 30 nóiméad ar thopaicí criticiúla:
- Frith-Ghnéaschiapadh: Ciapadh i suíomhanna saoil oíche a chosc agus aghaidh a thabhairt air.
- Idirghabháil Fianaisigh: Idirghabháil shábháilte agus tacaíocht a chumhachtú
- Feasacht ar Spíceáil Deochanna: Straitéisí coisc agus freagartha.
- Cosaint agus Leochaileacht: Tacú le daoine leochaileacha
- Foréigean in aghaidh Ban agus Cailíní (VAWG) Tuiscint a fháil agus aghaidh a thabhairt ar fhoréigean bunaithe ar inscne
Cuireann an tionscnamh “Slán Sábháilte” sraith chuimsitheach acmhainní ar fáil freisin, lena n-áirítear 17 dteimpléad polasaí atá curtha in oiriúint go sonrach do chomhthéacs reachtach agus cultúir na hÉireann. Cuireann na polasaithe sin treoir oibríochtúil shoiléir ar fáil d’fhoireann túslíne, do bhainisteoirí agus d’úinéirí ionaid, rud a chabhraíonn le gnólachtaí dea-chleachtais a chur i bhfeidhm.
Chomh maith leis na hacmhainní ar líne, tacófar le tionscnamh “Slán Sábháilte” na Gaillimhe trí fheachtas cumarsáide atá leagtha amach chun cultúr sábháilteachta agus measa a chur chun cinn. Ag obair i gcomhpháirtíocht leis an nGarda Síochána, le gnólachtaí áitiúla agus le hOllscoileanna, beidh fógraí raidió, láithreacht ar na meáin shóisialta, agus sócmhainní brandáilte le húsáid ag gnólachtaí agus ollscoileanna mar chuid den fheachtas.
Mar chuid den tionscnamh sin, beidh teach oscailte á óstáil ag Claddagh Watch ina cheanncheathrú ar Shráid Thobar an Iarla sa Mheán Fómhair. Ligfidh an ócáid seo do bhaill thábhachtacha de gheilleagar bríomhar oíche na Gaillimhe níos mó a fhoghlaim faoi mhisean na heagraíochta agus comhoibriú a d'fhéadfadh a bheith eatarthu a phlé. Tá an seisiún seo oscailte do: lucht eagraithe féilte, léiritheoirí imeachtaí, bainisteoirí imeachtaí, ceannaithe fíona, foirne slándála agus doirse, oibreoirí ionaid a bhíonn oscailte déanach san oíche.
Ag fógairt an tionscnaimh oiliúna dó, dúirt an tAire O’Donovan:
“Tacaíonn an tionscnamh oiliúna agus na teimpléid pholasaí seo le moladh tábhachtach i dTuarascáil Thascfhórsa an Gheilleagair Oíche agus tacaíonn siad lenár n-iarrachtaí saol oíche na hÉireann a dhéanamh níos sábháilte, níos ionchuimsithí agus níos taitneamhaí do chách. Léirítear freisin tiomantas mo Roinne tacaíocht a thabhairt d’oibrithe agus do ghnólachtaí sa gheilleagar oíche le hacmhainní praiticiúla, inrochtana. Tríd an eolas agus an mhuinín a thabhairt do dhaoine dul i mbun gnímh, táimid ag leagan síos an bhunchloch d’athrú cultúir - athrú ina bhfuil sábháilteacht, meas agus folláine i gcroílár ár n-eispéireas oíche.”
Ag labhairt dó faoin tionscnamh, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Mike Cubbard:
"Tá bród ar Ghaillimh a bheith páirteach sa scéim phíolótach don tionscnamh nua “Slán Sábháilte”. Is céim ríthábhachtach chun tosaigh é an clár seo do gheilleagar oíche na cathrach, chun uirlisí praiticiúla saor in aisce a chur ar fáil dár ngnólachtaí áitiúla agus dá bhfoireann chun timpeallacht níos sábháilte agus níos ionchuimsithí a chinntiú go réamhghníomhach. Trí oiliúint a chur ar fáil dár bpobal i ngach rud ó idirghabháil fianaisigh go feasacht leochaileachta, ní hamháin go bhfuilimid ag infheistiú inár saol oíche - táimid ag infheistiú i sábháilteacht agus i bhfolláine ár gcónaitheoirí agus ár gcuairteoirí. Is cathair den chineál sin, cathair atá bríomhar, slán agus fáilteach, atáimid go mór ag iarraidh a bheith againn.”
Dúirt Kate Howard, Comhairleoir Geilleagair Oíche Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:
“Tá an oiliúint “Slán Sábháilte” seo á cur ar fáil ag tréimhse chinniúnach i bhforbairt Gheilleagar Oíche na hÉireann. Freagraíonn an tionscnamh seo go díreach don ghá atá le huirlisí inrochtana, curtha in iúl ag gnólachtaí agus oibrithe, chun sábháilteacht a fheabhsú agus timpeallacht chuimsitheach a chothú. Is céim mhór chun cinn na 17 dteimpléad polasaí saincheaptha a chur ar fáil, lena gcuirtear treoir fhíorluachmhar ar fáil chun cabhrú le gnólachtaí dea-chleachtais a chur i bhfeidhm. Tríd an oiliúint chuimsitheach agus an tsraith polasaí láidir sin a thabhairt don earnáil, táimid ag cur ar chumas gnólachtaí a bheith ina ngníomhairí réamhghníomhacha don athrú, ag cinntiú gur féidir leis an bhfoireann agus leis na pátrúin araon taitneamh a bhaint as ár ngeilleagair bhríomhara oíche le muinín agus le suaimhneas intinne.”
An Bealach le Clárú
Is féidir le gnólachtaí agus oibrithe an Gheilleagair Oíche sna naoi n-áit phíolótacha clárú don Tairseach Oiliúna “Slán Sábháilte” ar líne atá saor in aisce: https://www.ntesacademy.com/safe-and-sound-online-training-portal
Tá teimpléid pholasaí ar fáil do gach Gnólacht Geilleagair Oíche ar fud na tíre: https://gov.ie/en/department-of-culture-communications-and-sport/campaigns/the-night-time-economy/
CRÍOCH
Sonraí teagmhála an Chomhairleora Geilleagair Oíche: Kate Howard, Comhairleoir Geilleagair Oíche Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Kate.Howard@GalwayCity.ie
________________________________________
Nótaí d’Eagarthóirí;
Is toradh díreach é an Tairseach Oiliúna Slán Sábháilte ar líne agus an tsraith teimpléid polasaí ar chomhairliúcháin a reáchtáladh le linn fhorbairt na naoi bPlean Gníomhaíochta áitiúla um Gheilleagar Oíche agus moltaí ó Chomhairleoirí an Gheilleagair Oíche. Léirítear freisin moltaí tábhachtacha ó Thascfhórsa an Gheilleagair Oíche, a bunaíodh in 2020 faoin Chlár an Rialtais. Leagadh amach i dtuarascáil 2021 an Tascfhórsa 36 gníomh chun imeachtaí a éagsúlú, deiseanna cultúir a fheabhsú agus nuálaíocht a chothú san earnáil. Tacaíonn an tionscnamh oiliúna ar líne go díreach leis na spriocanna sin trí chabhrú le geilleagar oíche níos sábháilte, níos bríomhaire, a fhorbairt ar fud na hÉireann.
Tá an tionscnamh faoi stiúir an naonúr Comhairleoirí Geilleagair Oíche ó Chathair Bhaile Átha Cliath, Cathair Chorcaí, Cathair Luimnigh, Cathair na Gaillimhe, Cathair Chill Chainnigh, Droichead Átha, Sligeach, Bun Cranncha, agus Baile an Longfoirt, arna fhorbairt ag Night-Time Economy Solutions (NTES), ceannaire domhanda san earnáil agus arna mhaoiniú ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt trí scéimeanna phíolótacha an Gheilleagair Oíche.
Tá forbairt na tairsí oiliúna saincheaptha ar líne seo agus sraitheanna na dteimpléad polasaí seo dírithe ar oibrithe an Gheilleagair Oíche agus bhí sé bunaithe ar chomhairliúcháin agus ar aiseolas a fuarthas ó ghnólachtaí a ghlac páirt cheana féin i roinnt oiliúna sábháilteachta pearsanta a leag béim ar an ngá atá le roghanna oiliúna níos solúbtha.
Leis an ardán nua “Slán Sábháilte”, soláthraítear modúil tapa inrochtana 30 nóiméad atá ar fáil 24/7 ar feadh 12 mhí ar fud na naoi gcathair agus baile phíolótacha Geilleagair Oíche. Ina dhiaidh sin, déanfar athbhreithniú ar a thionchar agus ar a acmhainneacht maidir leis an gclár a leathnú amach go náisiúnta. Is féidir le rannpháirtithe teacht a bheith acu ar na cúrsaí féintreoraithe, lán-solúbtha seo ag aon am, ag ligean dóibh tosú, sos a thógáil, agus leanúint ar aghaidh de réir mar a oireann sé a sceidil. Tacaíonn acmhainní agus teimpléid pholasaí ar féidir a íoslódáil leis an bpróiseas foghlama, agus seoltar teastais go huathoibríoch nuair a bheidh siad críochnaithe. Tá an oiliúint, a leagadh amach bunaithe ar éilimh uathúla an Gheilleagair Oíche, oiriúnach do raon leathan gnólachtaí agus daoine aonair, lena n-áirítear tithe tábhairne, bialanna, óstáin, clubanna oíche, amharclanna, ionaid chultúir, féilte, ionaid aclaíochta, seirbhísí tacsaí, agus go leor eile.