Sráideanna Scoile

 

Sráideanna Scoile - Tionscadal Píolótach 2020/2021 - Tuarascáil Deiridh

Tá an tuarascáil deiridh don treoirthionscadal ' Sráideanna Scoile' 2020/2021 ar fáil anseo

 

Sráideanna Scoile - Bliain d'Aois
Tá an Úsáid Laethúil atá á baint as Carranna laghdaithe 14%, agus tá Leanaí ag Siúl, ag Scútáil agus ag Rothaíocht ar Shráideanna Saor ó Charranna!

(29.11.2021) Cúis áthais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ceiliúradh bliana a dhéanamh ar thionscadal píolótach Shráideanna Scoile ag Scoil Iognáid - áit ar tuairiscíodh go bhfuil an úsáid laethúil atá a baint as carranna laghdaithe 14%, agus go bhfuil níos mó leanaí ag siúl (+11%), ag scútáil (+3%) agus ag rothaíocht (+7%) ar bhonn laethúil. Tá sé tugtha le fios ag foireann na scoile go bhfuil fonn foghlama ar leanaí nuair a shroicheann siad an scoil, go bhfuil atmaisféar níos fearr ag geata na scoile agus nach bhfuil an méid céanna struis le tabhairt faoi deara. Thug tuismitheoirí agus an pobal trí chéile le fios go bhfuil an timpeallacht siúil agus rothaíochta níos fearr, go bhfuil cúrsaí rochtana agus spiorad an phobail feabhsaithe. Tá an tionscadal seo á mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair, agus á chur ar fáil le tacaíocht ó chlár Taistil na Scoileanna Glasa, An Garda Síochána, agus pobal na scoile trí chéile.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an TD atá lonnaithe i nGaillimh agus Aire Stáit sa Roinn Iompair, Hildegarde Naughton T.D., “ábhar dóchais é an tuarascáil atá foilsithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe inniu. Cuirfidh na torthaí atá le fáil ann eolas ar fáil dúinn maidir le conas is féidir cur leis an líon leanaí atá rannpháirteach agus atá ag baint tairbhe as modh iompair níos sláintiúla agus níos glaise chuig agus ón scoil gach lá. Níos túisce i mbliana sheol mé clár nua, Bealaí Sábháilte chun na Scoile, clár atá ag infheistiú i mbonneagar sábháilte siúil, rothaíochta agus scútála gar do na bealaí isteach chuig ár scoileanna. Tá sé mar aidhm leis an gclár seo torthaí a bhaint amach díreach cosúil le torthaí thionscadal píolótach Shráideanna Scoile. Tá mé ag súil go mór le cur leis an dul chun atá déanta le scoileanna i nGaillimh agus níos faide ó bhaile sna míonna agus sna blianta amach romhainn.” 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, maidir le comóradh bliana thionscadal píolótach Shráideanna na Scoile, “Sainaithníonn an tÚdarás Náisiúnta Iompair aghaidh na scoile mar an áit ina mbailíonn an líon is mó leanaí agus an áit ina bhfuil siad leochaileach do chleachtais pháirceála neamhshrianta, coinníollacha guaiseacha trasnaithe agus deacrachtaí chaighdeán an aeir ó charranna réchasta. Chruthaigh tionscadal píolótach Shráideanna Scoile ag Scoil Iognáid spás inar féidir le leanaí chomh hóg le ceithre nó cúig bliana d’aois atá ag scútáil agus ag rothaíocht lena gcomhdhaltaí bailiú le chéile nuair a shroicheann siad an scoil Tá iarracht á déanamh ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe anois ’Bealaí Sábháilte chun na Scoile’ agus ‘Criosanna Scoile’ a fhorbairt ag níos mó scoileanna sa chathair – cruthóidh na dearaí seo timpeallacht níos sábháilte do leanaí ag aghaidh na scoile, agus má bhíonn aon deiseanna ann Sráideanna Scoile, nó sráideanna ‘saor ó thrácht’ a sholáthar, fáilteoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh an deis é seo a phlé le pobal na scoile.”

Tá an tuarascáil iomlán a bhaineann leis an gcomhairliúchán poiblí a reáchtáladh in Aibreán/ Bealtaine 2021 le fáil anseo.

 

 

 

 

 

Suirbhé don Phobal, do Thuismitheoirí agus do Chaomhnóirí

In 2020 ba é Scoil Iognáid, Bóithrín na Sliogán, an chéad treoirscéim ‘Sráideanna Scoile’ i nGaillimh, agus an chéad tionscadal Sráideanna Scoile lár na cathrach sa tír. Is éard is ‘Sráid Scoile’ ann bóthar lasmuigh de scoil ar a bhfuil srian sealadach ar thrácht mótair ag am oscailte agus dúnta na scoile – trína gcruthaítear spás níos sábháilte agus níos ciúine do leanaí, tuismitheoirí agus cónaitheoirí chun gur féidir siúl, dul ar scútar nó ar rothar ann.

Toisc gur treoirscéim í seo, agus an chéad cheann dá leithéid, tá fonn ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ar an Údarás Náisiúnta Iompair foghlaim uaidh – cad a d’oibrigh agus cad nár oibrigh go maith.
Iarrtar ar chónaitheoirí agus ar ghnólachtaí sa cheantar thart ar Scoil Iognáid a gcuid smaointe ar an treoirscéim go dtí seo a roinnt linn.

Gheobhaidh an chéad 100 freagróir dearbhán do chaife/tae saor in aisce do shiopa caife áitiúil. Ina theannta sin tá duais iontach le buachan – ceann amháin de dhá tháibléad Samsung nó ceann de thrí rianaire corpacmhainne Huawei!

 

Glac páirt sa suirbhé:

Suirbhé do Thuismitheoirí agus Chaomhnóirí

Suirbhé don Phobal

 

Dúnfar an suirbhé ar an 21ú Bealtaine 2021.

Inrochtaineacht – mura féidir leat  leagan digiteach den suirbhé seo a fháil, iarr leagan páipéir orainn ag roads@galwaycity.ie nó ar 091 536 400.

Téarmaí agus Coinníollacha an Chrannchuir Duaiseanna

 

 

Scoil Iognáid amuigh ar na Sráideanna Scoile!

Beidh an scoil seo i nGaillimh ar an gcéad Tionscadal ‘Sráideanna Scoile’ Lár na Cathrach in Éirinn

(30.11.2020) Chuaigh leanaí scoile agus tuismitheoirí i Scoil Iognáid i Lár Chathair na Gaillimhe amach ar na sráideanna inniu, mar cheiliúradh ar an gcéad treoirscéim ‘Sráideanna Scoile’ i nGaillimh. Is ionann ‘Sráid Scoile’ agus bóthar lasmuigh de scoil mar a bhfuil srian sealadach ar thrácht feithiclí ag amanna oscailt agus dúnadh na scoileanna – chun spás ciúin sábháilte a chruthú do pháistí, dá dtuismitheoirí agus do chónaitheoirí chun gur féidir leo siúl, dul ar scútar nó ar rothar. Sheol Méara Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Mike Cubbard, agus an tAire Hildegarde Naughton ón Roinn Iompair, an treoirscéim inniu, agus tháinig na céadta teaghlach amach chun an chéad tionscadal Sráideanna Scoile lár na cathrach a chruthú in Éirinn.


Tá an tionscadal seo á mhaoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair, agus á chur ar fáil le tacaíocht ón gclár Taistil do Scoileanna Glasa, An Garda Síochána, agus an pobal scoile i gcoitinne.


Mar chuid den treoirthionscadal, ní bheidh cead isteach ach ag coisithe amháin ar Raon Phailmíre, Ascaill Phailmíre agus Bóithrín na Sliogán ón Luan, 30Samhain le linn amanna oscailte agus dúnta na scoile (Luan go hAoine, 8.15 go 9.15 ar maidin agus 1.15 go 2.45 san iarnóin, le linn na scoile an téarma scoile). Beidh slí isteach ag cónaitheoirí i gcónaí ag na hamanna seo, agus ag rothaithe agus daoine a bhfuil ‘suaitheantais ghorma’ acu agus ar gá dóibh rochtain a bheith acu ar an scoil.


Dúirt Brendan McGrath, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá ríméad ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe dul i gcomhpháirtíocht le Scoil Iognáid don treoirscéim seo, agus is bunsmaoineamh an-mhaith é ó thuismitheoirí, leanaí agus múinteoirí na scoile. Is mór an t-údar misnigh dúinn rannpháirtíocht agus tacaíocht an phobail i gcoitinne – lena n-áirítear na cónaitheoirí ar na trí shráid do choisithe. Táimid ag tnúth le foghlaim ón treoirscéim seo, chun tuilleadh scoileanna i gCathair na Gaillimhe a thabhairt isteach sa scéim. Is mór againn an tacaíocht seo ón Údarás Náisiúnta Iompair, agus an taithí a roinn Comhairle Contae Fhine Gall linn óna dtionscadal Sráideanna Scoile i Mullach Íde ”.


Ag labhairt dó faoin lainseáil, dúirt Michael Aherne, ón Údarás Náisiúnta Iompair, “Tá ríméad ar an Údarás Náisiúnta Iompair tionscadal Sráideanna Scoile Scoil Iognáid a mhaoiniú agus tacú leis. Déanaimid comhghairdeas le Comhairle Cathrach na Gaillimhe as an treoirscéim, agus aithnímid tacaíocht agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara iomadúla, lena n-áirítear Taisteal Scoileanna Glasa An Taisce, tuismitheoirí, baill tofa, Garda Siochána agus an scoil féin. Is minic a bhíonn an spás taobh amuigh de gheata na scoile, áit a dtagann líon mór leanaí agus daoine óga le chéile, gan smacht agus contúirteach. Taispeánann an scéim thábhachtach seo conas is féidir an spás sin a bhainistiú ar bhealach eile, ag tabhairt tús áite do dhaoine, rud a rachaidh chun tairbhe don phobal agus don chomhshaol le méadú ar shábháilteacht. Is é seo an chéad treoirscéim Sráideanna Scoile atá suite i lár cathrach, agus tá eilimintí eile ag gabháil leis, mar Páirceáil agus Siúl (a tosaíodh níos luaithe i mbliana), agus leagan amach nua ar bhóithre, a leanfaidh go luath i 2021 faoi Chlár Deontais an Údaráis Iompair do Bhearta Inbhuanaithe Iompair. Cuirfear tionscadail den chineál céanna i bhfeidhm ar fud na hÉireann ag tosú in 2021 bunaithe ar an treoirscéim seo. "


D’fháiltigh an tAire Hildegarde Naughton ón Roinn Iompair roimh an bhfógra ag rá “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a raibh baint acu leis an gcéad tionscadal ‘Sráideanna Scoile’ i lár cathrach in Éirinn a sheachadadh. Taispeánann an tionscadal seo an cheannaireacht iontach a léirigh an fhoireann i Scoil Iognáid, na daltaí, na tuismitheoirí, Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an pobal i gcoitinne. Le chéile is eiseamláir iontach iad do chathracha agus do phobail eile ar fud na tíre chun ‘Slite Sábháilte chun na Scoile’ a sholáthar dár leanaí, tionscnamh nua atá á threorú agam laistigh den Roinn Iompair. Táim ag tnúth le tacú leis an tionscadal seo, agus go leor eile dá leithéid, sna míonna agus sna blianta amach romhainn. "

 






 

 

 

 

 

 

  • Páirceáil agus Siúl - ‘Íoc agus Taispeáint’

    Mar chuid de Threoirscéim na Sráideanna Scoile i Scoil Iognáid,tá áiseanna páirceála ‘Íoc agus Taispeáint’ laistigh den chiorcal ar an léarscáil san áireamh in Páirceáil agus Siúl (féach an bhileog don léarscáil le do thoil).
    Chun an pháirceáil ar an tsráid a úsáid, ní mór do thuismitheoirí clárú le haghaidh Páirceáil agus Siúl agus cead Páirceála agus Siúil bándearg a chur ar taispeáint.
    Tá feidhm ag gach téarma agus coinníoll eile a bhaineann le scéim Páirceáil agus Siúl.

     

    Scoil Iognaid Pairceal agus Siuil bileog Lúnasa 2022


 

 

  • Comhairliúchán maidir le Páirc Phailmíre, Ascaill Phailmíre agus Bóithrín na Sliogán a theorannú do choisithe mar chuid de threoirscéim “Sráideanna Scoile” i Scoil Iognáid, Bóithrín na Sliogán

    Samhain 2020 - Tá an comhairliúchán dúnta anois. Go raibh maith agat as freagra a thabhairt. 

  • I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a bhronntar air in Alt 45 - (1) go (3) de IR Uimh. 182/1997 – Rialacháin Thrácht ar Bhóithre (Trácht agus Páirceáil) 1997 – agus ar mhaithe le sábháilteacht an phobail, tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fógra leis seo go mbeartaíonn sí Páirc Phailmíre, Ascaill Phailmíre agus Bóithrín na Sliogán a theorannú do choisithe mar chuid de threoirscéim “Sráideanna Scoile” le linn na n-uaireanta atá sonraithe thíos:

    • Luan go hAoine, le linn am téarma amháin
    • Ag tosú 2 Samhain 2020 go dtí 25 Meitheamh 2021 agus an dá dháta san áireamh
    • 8.15am go 9.15am
    • 2.00pm go 3.00pm - Athraíodh é tar éis comhairliúcháin phoiblí do 1.15pm-2.45pm

     

    Beartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe, mar chuid de threoirscéim “Sráideanna Scoile” roinnt feabhsúchán bonneagair a dhéanamh i an gceantar, le maoiniú ón Údarás Náisiúnta Iompair. Déanfar na feabhsúcháin seo le linn na treoirscéime, agus ina dhiaidh.

    Líníochtaí Drawing - Scoil Iognaid - Phase 1 Updated PM times 15.10.2020.pdf

    Déan Aighneacht

    Inrochtaineacht - dóibh siúd nach féidir leo aighneacht a dhéanamh tríd an suíomh gréasáin, is féidir socruithe eile a dhéanamh. Glaoigh ar 091 536 400 nó seol ríomhphost chuig Roads@galwaycity.ie