Eastáit Tithíochta a Thógáil i Gcúram

Eastáit Tithíochta  - a Thógáil i Gcúram

San t-eolas seo leagtar amach cad is brí leis an téarma ‘glacadh ar láimh’, cé atá ábalta a iarraidh go ndéanfaí forbairt chríochnaithe a ghlacadh ar láimh agus na nósanna imeachta atá i gceist. 

Seo é ceaptha le bheith ina treoir phraiticiúil. Ní léirmhíniú deifnídeach dlíthiúil í ar an dlí pleanála. Le haghaidh tuilleadh eolais, ba chóir duit dul i gcomhairle le Roinn Iompair Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

  • 1. Cad is glacadh ar láimh ann?

    Próiseas dlíthiúil foirmiúil is ea glacadh ar láimh trína ndéantar an fhreagracht as limistéir phoiblí, struchtúir agus seirbhísí áirithe i bhforbairt cónaithe nó eastát príobháideach a aistriú chuig údarás áitiúil nó a chur faoina gcúram.

    Nuair a bhíonn forbairt cónaithe críochnaithe, féadfaidh an forbróir nó tromlach na n-úinéirí tí iarratas scríofa a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil go ndéanfaí an fhorbairt a ghlacadh ar láimh - Foirm TIC 1 (2014) Foirm TIC 2 (2014) thíos anseo.    Má tá an t-údarás áitiúil sásta go bhfuil an fhorbairt críochnaithe i gcomhlíonadh choinníollacha an cheada pleanála agus riachtanais theicniúla an údaráis áitiúil, ansin ní mór dó smacht a ghlacadh ar oibriú, cothabháil agus cúram do na bóithre poiblí, soilsiú agus seirbhísí dá leithéid.

    Cuireann an roinn Bóithre tús leis an nós imeachta reachtúil.  Mar chuid de sin tugtar fógra poiblí ar a ndeirtear gur féidir agóidí a dhéanamh leis an gComhairle nó aighneachtaí.   Is feidhm fhorchoimeádta de chuid chomhaltaí na Comhairle é ordú a dhéanamh eastát a thógáil i gcúram. 

  • 2. Cad iad na seirbhísí agus struchtúir a bhíonn faoi réir ag glacadh ar láimh de ghnáth?

    Áirítear i measc na samplaí de sheirbhísí agus struchtúir a ghlacann údarás áitiúil ar láimh:

    • Bóithre agus cosáin,
    • Soilsiú,
    • Séaraigh, príomhphíobáin uisce agus ceangail seirbhíse (i gcomhaontú le hUisce Éireann),
    • Draenáil uisce stoirme,
    • Clóis súgartha,
    • Spásanna oscailte agus spásanna glasa,
    • Carrchlóis, agus
    • Seirbhísí dóiteáin lena n-áirítear hiodraint dóiteáin

    Tabhair faoi deara nach liosta críochnúil é seo, agus go mb’fhéidir nach mbeidh an cás mar an gcéanna i ngach údarás áitiúil.

  • 3. An mbaineann glacadh ar láimh leis an áit ina bhfuil cónaí orm?

    Beidh sé seo ag brath ar roinnt tosca lena n-áirítear:

    • an cead pleanála don fhorbairt ina bhfuil cónaí ort agus aon choinníollacha a ghabhann leis an mbronnadh sin de chead pleanála;
    • cé acu an bhfuil an fhorbairt críochnaithe; agus
    • an cineál eastáit, gnátheastát nó eastát traidisiúnta tithíochta, forbairt inlíonta, forbairt ilaonad, etc.
  • 4. Cad é ról údaráis áitiúil sa phróiseas glacadh ar láimh?

    Ní mór don údarás áitiúil a bheith sásta go bhfuil an fhorbairt críochnaithe de réir coinníollacha ar bith a ghabhann leis an gcead pleanála. Faoi réir ag forálacha áirithe, ar iarratas ón bhforbróir nó tromlach na n-úinéirí tí san fhorbairt, ní mór d’údarás áitiúil na bóithre agus na seirbhísí gaolmhara a ghlacadh ar láimh.

    Féadfaidh údarás áitiúil, nuair a eisíonn sé cead pleanála, iarraidh ar fhorbróir suim airgid nó banna urrúis árachais a lóisteáil leis an údarás áitiúil. Scaoiltear an tsuim nó an banna ar ais chuig an bhforbróir nuair a bheidh an fhorbairt críochnaithe chun sástacht an údaráis áitiúil - Foirm DS1 thíos anseo.  Sa chás nach gcuirfear an fhorbairt i gcrích chun sástacht an údaráis áitiúil, féadfaidh sé an t-airgead nó cuid de a úsáid chun na hoibreacha a chur i gcrích.

    Bíonn údarás áitiúil i gcaidreamh le hUisce Éireann freisin i dtaca le seirbhísí uisce a ghlacadh ar láimh.

    Bíonn polasaí agus nós imeachta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i dtaca le glacadh ar láimh.  Bíonn na cáipéisí seo ar fail faoi pointe 16 thíos anseo.


  • 5. An mbíonn ról ag comhairleoirí (comhaltaí tofa)?

    Bíonn. Bíonn comhairleoirí freagrach as agóidí nó aighneachtaí a bhreithniú maidir le togra le bóithre agus seirbhísí i bhforbairt a ghlacadh ar láimh. Tá siad freagrach freisin as an ordú a dhéanamh le bóthar a ghlacadh ar láimh. Déantar é seo trí rún a rith ag cruinniú comhairle.  Is feidhm fhorchoimeádta de chuid chomhaltaí na Comhairle é ordú a dhéanamh eastát a thógáil i gcúram. 

  • 6. An bhfuil reachtaíocht ann ar cheart dom bheith ar an eolas faoi?

    Le hAlt 180 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú, agus

    Alt 11 d’Acht na mBóithre, 1993 cuirtear an phríomhbhonn dlíthiúil ar fáil do ghlacadh ar láimh.

  • 7. Cén áit is féidir liom a fháil amach faoi chead Pleanála a bhronntar do m’eastát?

    Coinníonn an roinn pleanála i d’údarás áitiúil taifid ar iarratais agus cinntí pleanála.  Beidh comhad pleanála le tagairt iarratais nó uimhir chomhaid uathúil ag gach iarratas.

    Bíonn córas iarratais Pleanála gréasánbhunaithe i bhfeidhm ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, agus bíonn taifid ar fail ar line ag:  https://www.galwaycity.ie/an-coras-pleanala-ar-line

  • 8. Cad é ról na dtógálaithe agus na bhforbróirí sa ghlacadh ar láimh?

    Féadfaidh tógálaí nó forbróir iarraidh ar údarás áitiúil na bóithre poiblí agus seirbhísí gaolmhara d’eastát a ghlacadh ar láimh - Foirm TIC 1 (2014) thíos anseo.  Ní mór don bhforbróir na hoibreacha a chur i gcrích i gcomhréir leis an gcead pleanála agus coinníollacha ar bith a ghabhann leis an gcead, agus chun sástacht an údaráis áitiúil ag teacht lena pholasaí agus nósanna imeachta i dtaca le glacadh ar láimh, agus caighdeáin i dtaca le bóithre agus seirbhísí uisce - G.C.C. TIC thíos anseo.

    De ghnáth, ní mór don bhforbróir teastas críochnaithe a chur isteach chuig an údarás áitiúil. B’fhéidir go mbeidh gá le líníochtaí de na bóithre ‘mar a tógadh’ agus suirbhé draenála. Más gá, ní mór aon chead slí agus aistrithe teidil (mar shampla, i dtaca le spásanna oscailte poiblí) a shocrú freisin.

  • 9. Cén ról a bhíonn ag cumann cónaitheoirí?

    Féadfaidh cumann cónaitheoirí iarraidh go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil na háiteanna poiblí san eastát ina bhfuil cónaí orthu a ghlacadh ar láimh - Foirm TIC 2 (2014) thíos anseo.

  • 10. An mbíonn ról ag Uisce Éireann nó cuideachtaí fóntais eile?

    Beidh údarás áitiúil i gcaidreamh le hUisce Éireann i dtaca le seirbhísí uisce a ghlacadh ar láimh.

  • 11. An mbíonn costais i gceist leis an bpróiseas glacadh ar láimh?

    Is ar an bhforbróir atá na costais chun limistéir phoiblí a chur i gcrích chun sástacht an údaráis áitiúil agus i gcomhréir leis an gcead pleanála.

  • 12. Cé mar a fheidhmíonn glacadh ar láimh in árasáin agus forbairtí ilaonad eile?

    De ghnáth ní bhaineann glacadh ar láimh le limistéir phríobháideacha d’eastát i seilbh chuideachta bainistíochta úinéirí (OMC) thar ceann na gcónaitheoirí.

    Sa chead pleanála agus coinníollacha ar bith a ghabhann leis an dtógáil d’fhorbairt

    ilaonad (MUD) déanfar sainmhíniú ar na codanna d’eastát atá le haistriú ag an bhforbróir chuig an OMC. De ghnáth leagfar amach ann na codanna den eastát, más ann dóibh, atá le glacadh ar láimh ag an údarás áitiúil. Mar shampla, b’fhéidir gurb amhlaidh gur meascán iad na bóithre in MUD de bhóithre poiblí agus príobháideacha, áit a bhfuil bóithre poiblí faoi réir ag glacadh ar láimh, agus go bhfuil bóithre príobháideacha in úinéireacht agus á mbainistiú ag OMC.

  • 13. Cén ról i nglacadh ar láimh atá ag OMC?

    Tá seilbh agus smacht ag OMC ar limistéir chomónta MUD. Faoin Acht um Fhorbairtí Ilaonad 2011 (Acht MUD), ní shaorann aistriú na limistéar comónta an forbróir óna oibleagáid le heastát a chur i gcrích I gcomhréir le riachtanais agus coinníollacha de chead pleanála.

    Ní mór d’fhorbróir dearbhú a sholáthar do OMC go bhfuil eastát curtha i gcrích i gcomhréir leis na ceadanna Pleanála ábhartha go léir seachas coinníoll a bhaineann le ranníocaíocht airgeadais a íoc.

  • 14. Cad faoi ionaid ‘gheataithe’?

    De ghnáth ní bhaineann glacadh ar láimh le hionaid chónaitheacha phríobháideacha amhail forbairtí ilaonad, forbairtí geataithe, sráidbhailte lucht scoir agus forbairtí tithe saoire a údaraíodh agus a fheidhmíonn ar bhonn cuideachta bainistíochta príobháidigh nó socrúchán eile dá leithéid.

  • 15. Cén áit is féidir liom tuilleadh eolais a fháil faoi ghlacadh ar láimh?

    Tá polasaí ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i dtaca le Glacadh ar Láimh ar:  G.C.C. TIC

    Leagtar amach an dlí lena rialaítear an córas pleanála san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, agus Acht na mBóithre 1993. Is féidir leat iad seo a cheannach ó Oifig Foilseachán an Rialtais trí ghlaoch a chur ar a n-ionad glaonna ar:

    telefón  (046) 9423100

    nó ag publications@opw.ie

    nó iad a íoslódáil saor in aisce ó shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

    www.gov.ie/housing

    Tá an reachtaíocht ar fáil freisin le feiceáil agus le híoslódáil ó www.irishstatutebook.ie

    Séanadh:   Arna eisiúint Márta 2023.  Cé gur glacadh gach cúram agus an eolais seo á hullmhú, ní ghlacann Comhairle Cathrach na Gaillimhe aon fhreagracht agus ní thugann aon bharántas as cruinneas, iomláine nó nádúr cothrom le dáta na faisnéise a thugtar agus ní ghlacann aon dliteanas ag éirí as aon earráid nó easnamh.  Tabhair fógra faoi aon earráid nó easnamh agus aon tuairim le r-phost chuig roads@galwaycity.ie

  • 16. Foirmeacha agus Liosta

    Comhairle Cathrach na Gaillimhe Beartas maidir le Tógáil i gCúram d’Fhorbairtí Tithíochta Príobháideacha Iarratas chun Forbairt Tithíochta a thógáil i gcúram ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe / Foirm TIC 1 (2014) Iarratas chun Forbairt Tithíochta a Thógáil i gCúram ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe de réir / Foirm TIC 2 (2014)List of Housing Estates Taken in Charge_December 2022