
Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh fhorbairt Chód Iompair Phobal Buscálaithe na Gaillimhe agus molann sí Buscálaithe na Gaillimhe as a dtiomantas agus obair chrua chun an acmhainn luachmhar seo a chruthú. Aithníonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe an ról fíorthábhachtach atá ag buscálaithe cur leis an mbeocht chultúrtha agus spiorad faoi leith atá i gCathair na Gaillimhe.
Tá tréimhse thástála á reáchtáil ag an gComhairle chun monatóireacht a dhéanamh ar a éifeachtúlacht agus chun aiseolas a bhailiú ón bpobal buscála, ón bpobal agus ó ghnólachtaí áitiúla araon agus chun a chinntiú go bhfreastalaíonn an Cód ar leas na bpáirtithe leasmhara go léir.
Táimid ag iarraidh go dtabharfaidh daoine aiseolas sna Suirbhéanna faoin gcatagóir oiriúnach – an pobal i gcoitinne, buscálaithe nó gnólacht áitiúil
Dáta deireanach 7 Deireacdh Fómhair
Fáiltíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimh an bhforbairt atá déanta ar a gCód Iompair ag Pobal Buscálaithe na Gaillimhe agus molann dúthracht Choiste Buscálaithe na Gaillimhe as an áis thábhachtach seo a chur le chéile. Aithníonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe an ról fíorthábhachtach atá ag buscálaithe cur leis an mbeocht chultúrtha agus spiorad faoi leith atá i gCathair na Gaillimhe.
Tá an Chomhairle go mór ag iarraidh tacú le cur i bhfeidhm an Chóid Iompair seo. Molaimid tréimhse thrialach sna seachtainí agus míonna atá romhainn le súil a choinneáil ar éifeachtacht an chóid agus aiseolas a fháil ón bpobal buscálaithe agus ó ghnólachtaí áitiúla. Agus an triail seo ar siúl, coinneoidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe na bealaí cumarsáide oscailte chun dul i ngleic le haon dúshláin a thiocfaidh chun cinn agus lena chinntiú go rachaidh an Cód chun tairbhe gach páirtí leasmhara.
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe tiomanta do chomhoibriú le Buscálaithe na Gaillimhe agus leis an gComhphobal Gnó chun timpeallacht chomhchuí agus rathúil a chruthú do chách. Má oibríonn muid as lámha a chéile, creidim gur féidir linn córas a fhorbairt a rachaidh chun sochair do bhuscálaithe, gnólachtaí agus muintir na háite, rud a fhágfaidh gur ionad bríomhar don léiriú ealaíonta agus pléisiúr cultúrtha a bheidh i nGaillimh i gcónaí.
Triail Chód Iompair Buscálaithe 2025
Tá sé mar aidhm ag an gcód seo riachtanais, folláine, freagrachtaí agus rannchuidiú Phobal Buscálaithe Chathair na Gaillimhe (Taibheoirí Sráide, Siamsóirí, Ceoltóirí agus Ealaíontóirí) a mheas maidir le buscáil agus antionchar níos leithne a bhíonn aige ar an bpobal ina iomláine. Aithnítear go forleathan go gcuireann an bhuscáil leis an réimse poiblí ar bhealaí atá bríomhar agus fiúntach. Is mian le Pobal Buscálaithe na Gaillimhe leanúint ar aghaidh leis an traidisiún seanbhunaithe buscála sa gcathair seo againne chun go mbainfidh gach duine sult agus tairbhe as. Dá réir sin, tá glactha againn leis an gcód iompair seo a leanas:
1. Beidh taibheoirí sráide réasúnach agus léireoidh siad meas, ní dhéanfaidh siad dearmad go bhfuil an tsráid á húsáid acu in éineacht le muintir na háite, daoine amuigh ag siopadóireacht agus gnólachtaí, agus léireoidh siad iompar cuí dá réir. Ní chuirfear tús le taibhiú sráide roimh 10am agus críochnóidh sé faoi am dúnta na dtithe tábhairne an bhliain ar fad. Tabharfar aird ar amanna agus ar cheantair níos ciúine / níos glórthaí agus léireofar meas ina leith.
2. Is dhá uair an chloig ar a mhéad is féidir a chaitheamh i mbun taibhiú sráide in aon áit faoi leith. Ina dhiaidh sin, ní mór do thaibheoirí bogadh ar aghaidh chuig áit eile a bheadh ar fáil más mian leo leanúint ar aghaidh.
3. Cloífidh taibheoirí sráide le córas scuaine le haghaidh spotaí/áiteanna, a fheidhmíonn ar bhonn an chéad duine a thagann ann. Más mian le buscálaí seinm in áit a bhfuil duine ann cheana, ní mór dóibh dul i dteagmháil leis an taibheoir reatha agus fiafraí cén uair a chríochnóidh siad (dhá uair an chloig ar a mhéad). Má tá áit curtha in áirithe cheana féin, féadfaidh siad an chéad áit eile atá ar fáil a chur in áirithe. Ba cheart do thaibheoirí ar gá dóibh imeacht go luath an chéad taibheoir eile a chur ar an eolas. Meastar go bhfuil aon áit atá fágtha folamh ar fáil, beag beann ar shocruithe roimhe seo. Ní cheadaítear aon chóras scuaine eile i gCathair na Gaillimhe.
4. Cinnteoidh taibheoirí sráide go bhfanfaidh bealaí isteach agus bealaí amach éigeandála do ghnólachtaí agus do thithe cónaithe glan agus inrochtana, coinneoidh siad a limistéar léirithe slachtmhar, agus glanfaidh siad aon bhruscar nuair a chríochnaíonn siad ag seinm. Cuimhnigh go léirímid go léir ár bpobal trínár n-iompar.
5. Déanfaidh taibheoirí sráide bainistiú ar aon slua nó lucht spéise a thagann le chéile chun féachaint ar a léiriú, ag cinntiú go bhfanann an tsráid insiúlta agus gur féidir rochtain a fháil ar shiopaí le linn léirithe. Ba cheart machnamh a dhéanamh orthu siúd a bhfuil lagú gluaiseachta orthu a bhféadfadh sé a bheith deacair acu bogadh trí na sluaite.
6. I gcás taispeántais fuaime (m.sh. ceol agus ceol gutha, bíodh siad acústach, aimplithe, nó taispeántais le fuaimrian taca), coimeádfar fuaim ar mheánleibhéal nach mó ná 80 dB (arna thomhas trasna na sráide), agus déanfar breithniú breise ar an suíomh sonrach agus ar an am den lá (m.sh., níos ciúine ar shráideanna níos lú nó le níos lú daoine agus le linn tréimhsí níos ciúine den lá).
7. Ba cheart do thaibheoirí sráide smaoineamh ar thaibheoirí eile, agus gan socrú suas níos gaire ná 40 méadar uathu (thart ar 130 troigh), ag smaoineamh ar phointí 4, 5, agus 6. Go ginearálta, má tú in ann buscálaí eile a chloisteáil nó a fheiceáil go soiléir, tá tú róghar.
8. Ba cheart do thaibheoirí sráide smaoineamh ar ghnólachtaí agus ar chónaitheoirí áitiúla, caidreamh dearfach a chothú leis na páirtithe go léir, agus fáiltiú roimh aiseolas agus cumarsáid oscailte maidir leis an spás poiblí comhroinnte.
Mar aon leis an gCód Iompair, is mian le Comhairle Cathrach na Gaillimhe béim a leagan ar na nithe seo:
1. Bealach isteach do Choisithe: Chun go mbeidh coisithe in ann a mbealach a dhéanamh go sábháilte agus go héasca, tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag iarraidh nach seasfaidh bannaí ná grúpaí móra ag seinm ar an tSráid Trasna ar bhealach a d'fhágfadh nach mbeadh daoine in ann dul chomh fada leis an tSráid Láir. Ní mór an bóthar a choinneáil glan an t-am ar fad.
2. Rialacháin maidir le Corrthrádáil: Tá ceadúnas bailí corrthrádála ag teastáil chun corrthrádáil a dhéanamh ar shráideanna na Gaillimhe. Is cion atá ann earraí a dhíol gan aon cheadúnas. Déan teagmháil le environment@galwaycity.ie le tuilleadh eolais a fháil. Tabhair ar d’aird: Ní mheastar gur trádáil ócáideach iad léirithe sráide/buscálaithe.)
3. Comhoibriú leis na hÚdaráis: Iarraimid ar gach duine comhoibriú go hiomlán leis an nGarda Síochána agus le Maoir an Phobail.
Le haghaidh tuilleadh eolais: www.facebook.com/GalwayBuskersCommunity/