AN COMHRÁ AR LEAN – TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN i mBÓTHAR NA TRÁ
Fógraíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe foilsiú na tuarascála rannpháirtíochta, ‘An Comhrá ar Lean,’ ina ndéantar achoimre ar thorthaí an chláir fhairsing comhairliúcháin agus rannpháirtíochta i mBóthar na Trá a thosaigh i mí Feabhra seo caite agus a chuirfidh le hullmhú ar an gCreatlach Chladaigh agus Sráidbhaile Bhóthar na Trá.
Is féidir an Tuarascáil a rochtain agus a íoslódáil ag GalwayCity.ie/SalthillFramework