An Taoiseach Micheál Martin ar cuairt chuig Suíomh nua Tithíochta agus Oifigí Cathartha Chearnóg na Corónach

GCC Representatives with Taoiseach Micheal Martin

Chuir ionadaithe sinsearacha agus Comhaltaí Tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh an Taoiseach Micheál Martin go cathair na Gaillimhe le déanaí (30.05.2025), mar chuid den chuairt ar shuíomh Champas nua Chearnóg na Corónach agus 345 theach nua atá á bhforbairt ag an nGníomhaireacht Forbartha Talún (GFT), i gCearnóg na Corónach i Mervue. 

Bhí an Taoiseach i bhfeighil searmanais chun an bhunchloch a leagan i bhforbairt ina gcuirfear 310 Árasán ar Cíos de réir Costais ar fáil, agus an 35 árasán eile le cur ar fáil le haghaidh tithíocht shóisialta. Is príomhthosaíocht í an tithíocht do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus an GFT i mbun forbartha ar bhanc talún a bhfuil géarghá leis do thithe, mar chuid d’fhorbairt úsáide measctha 12.7 acra nach bhfuil ach 2.4km ó lár na cathrach, le naisc shármhaith iompair phoiblí. 

Cuireadh an Taoiseach ar an eolas faoi thionscadail tosaíochta tithíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a cuireadh faoi bhráid Chlár Náisiúnta an Rialtais – 200 teach eile ag Bóthar na Díge ina measc; ceathrú uirbeach nua ina bhféadfaí 750 teach inacmhainne agus sóisialta a chur ar fáil ann ar Bhóthar an Ghainimh; agus forbairt a chumasú sna hArdáin agus i Muirbheach.

I measc na bpríomhthosaíochtaí eile a éilíonn infheistíocht náisiúnta do Chathair na Gaillimhe chun spriocanna sa Phlean Forbartha Náisiúnta a bhaint amach tá: Cuarbhóthar N6 Chathair na Gaillimhe; BusConnects Gaillimh; Scéim Cosanta Tuilte Chathair na Gaillimhe (Coirib go Cósta); samhail chistiúcháin; cáin phíolótach Oíche Leaba do Thurasóirí; bonneagar fuíolluisce; Droichead Coisíochta agus Rothaíochta Bhóthar Iarainn an Chlocháin; ciste bonneagair cultúir; agus athfhorbairt Chalafort na Gaillimhe.

Tá an clár infheistíochta seo de chuid an Rialtais Náisiúnta ríthábhachtach chun a chinntiú go gcuirfidh Cathair na Gaillimhe - agus an réigiún - spriocanna sa Phlean Forbartha Náisiúnta i gcrích. 

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag comhoibriú chun an t-infheistíocht seo a chinntiú. Is í Gaillimh an t-ionad uirbeach is mó i limistéar Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair, agus í ina catalaíoch ríthábhachtach d’fhás eacnamaíoch agus d’iomaíochas sa réigiún agus ag an am céanna cuireann sí go mór le holltáirgeacht intíre.  Thug an Taoiseach cuireadh don dá Phríomhfheidhmeannach (Leonard Cleary agus Liam Conneally) bualadh leis i mBaile Átha Cliath chun na tionscadail bonneagair agus infheistíochta straitéisigh i nGaillimh a phlé.

Related news