Tá Gaillimh roghnaithe go hoifigiúil chun Craobhchomórtas Mháistrí na hEorpa sa Lúthchleasaíocht Nach i Staid a óstáil sa bhliain 2028, scéal mór maidir leis an spórt idirnáisiúnta sa chathair agus díol suntais maidir leis an dea-chlú ar an gcathair mar ionad tarraingteach don turasóireacht spóirt.
An Coiste Eagrúcháin Áitiúil a rinne ceannródaíocht maidir leis an tairiscint a roghnaíodh, ag obair i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Lúthchleasaíochta na hÉireann agus Cumann Lúthchleasaíochta Mháistrí na hÉireann agus d’fhógair Lúthchleasaíocht Mháistrí na hEorpa an dea-thoradh ar chríoch a theacht le craobhchomórtas 2026 san Iodáil.
Meastar go dtarraingeoidh an Craobhchomórtas tuairim is 1,000 lúthchleasaí as áiteanna ar fud na hEorpa ach go mbeidh isteach is amach le 3,000 cuairteoir idirnáisiúnta i gceist nuair a thugtar lucht tacaíochta agus gaoil san áireamh, rud a mbeidh dea-thoradh eacnamaíochta air ag an lucht gnó áitiúil, ag lucht lóistín agus cóiríochta agus i ndáil le heacnamaíocht na cuairteoireachta go ginearálta.
Tuigtear gur maith an siocair le turasóireacht imeachtaí spóirt atá bunaithe ar an rannpháirtíocht, go gcuireann siad síneadh leis an séasúr turasóireachta, chomh maith le haird a tharraingt thar lear ar cheantar agus athchuairt a spreagadh tráth is faide anonn. Treisíonn eagrú an Chraobhchomórtais seo cáil na Gaillimhe mar chathair bhríomhar atá chomh maith agus atá ar domhan maidir le spórt agus imeachtaí móra.
An Comh. Mike Cubbard Méara na Gaillimhe
“Is iontach an ní seo ag Gaillimh agus ábhar mórtais é ag an gcathair. Beidh na mílte, idir lúthchleasaithe agus chuairteoirí, ag trácht ar an gCraobhchomórtas i nGaillimh ionas go dtugtar chun suntais meon an phobail, an suíomh le cósta agus an cumas imeachtaí móra idirnáisiúnta a chur ar siúl. Tá muid ag tnúth le fáilte a chur roimh mháistrí lúthchleasaíochta na hEorpa sa bhliain 2028.”
Sally‑Ann O’Brien, Ceannasaí Turasóireachta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe
“Is tábhachtach an beart seo atá bainte amach i nGaillimh. Bíonn toradh eacnamaíochta dáiríre ag imeachtaí rannpháirtíochta den sórt seo ó thaobh fad a chur le séasúr na turasóireachta agus aird a tharraingt ar Ghaillimh mar cheann scríbe de scoth an domhain mhóir maidir le himeachtaí spóirt, an tráth céanna a neartaítear leis an rún atá againn imeachtaí idirnáisiúnta eile a mhealladh anseo.
Seán McDermott, Cathaoirleach, an Coiste Eagrúcháin Áitiúil
“Tá mé ag tnúth go mór le fáilte a chur go Gaillimh roimh na Máistrí lúthchleasaíochta as gach áit san Eoraip agus gach áit in Éirinn sa mbliain 2028. Is mór an onóir an 21ú eagrán den chraobhchomórtas seo, a eagraítear gach dara bliain, a theacht go Gaillimh mar a mbeidh na lúthchleasaithe i mbun rásaí bóthair, rásaí sealaíochta trastíre, rásaíocht siúil agus siúl Nordach ar feadh 3 lá i mí Bealtaine 2028.
Is toradh seo ar obair pleanála na mblianta le rún craobhchomórtas idirnáisiúnta máistrí a tharraingt go Gaillimh.
Ba mhór againn an cúnamh taca ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ó Chumann Lúthchleasaíochta Mháistrí na hÉireann agus ó Chumann Lúthchleasaíochta na hÉireann a rinne fónamh maidir le dea-thoradh a theacht ar an iarracht seo againne.”
Tosóidh an Coiste Eagrúcháin Áitiúil anois ar phleanáil don chraobhchomórtas agus foilseofar eolas mion faoi raon na rásaí éagsúla, ionaid agus pleananna oibriúcháin in am tráth.