Rabhaidh maidir le Trá Bhaile Locháin agus Trá Bhóthar Grattan

prior Warning Notice

Tá Fógra Réamh-Rabhaidh eisithe ag GCC do thránna Baile Locháin agus Tránna Bhóthar Grattan. Bíonn na tránna seo i mbaol truaillithe gearrthéarmaigh agus is eol go mbíonn tionchar ag báisteach throm orthu. Iarrtar ar dhaoine atá ag snámh aird a thabhairt ar na réamhchúraimí atá le feiceáil ar na póstaeir. Táthar ag súil le nuashonruithe Dé Céadaoin, an 16 Lúnasa 2026, nuair a gheofar na torthaí.