2026 Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT-BHIS) – Fáilte Anois Roimh Iarratais

Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha

 

 

Is féidir cur isteach anois ar 2026 Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha maidir le cistí deontais d’obair ar dhéanmhais incháilithe de na cineálacha a liostaítear thíos. Is féidir treoir maidir le hiarratas a dhéanamh, agus an fhoirm iarratais, a íoslódáil thíos.

  • Struchtúir faoi chosaint (Struchtúir ar Thaifead Struchtúr faoi Chosaint Chathair na Gaillimhe).
  • Struchtúir laistigh de Limistéir Chaomhnaithe Ailtireachta
  • Foirgnimh Dhúchasacha
  • Éadanais Siopaí Stairiúla

Iarratas a ullmhú

Tá an fhoirm iarratais agus treoir d’iarratasóirí thíos. Moltar d’iarratasóirí eolas a chur ar na doiciméid sin.

Ní mór na doiciméid ar fad a leanas a chur ar aghaidh le hiarratais:

  • Foirm Iarratais A chomhlánaithe
  • Ráiteas Modha cuimsitheach le haghaidh na n-oibreacha (féach an treoir chun tuilleadh eolais a fháil faoin méid is ceart a bheith i ráiteas modha)
  • Costas na n-oibreacha

Ní ghlacfar le hiarratais neamhiomlána i ndiaidh an spriocdháta a thugtar thíos.

Ní mór d’oibreacha a dhéantar faoin SIOT-BHIS gach ceanglas reachtúil a chomhlíonadh, lena n-áirítear an gá le cead pleanála.

Má theastaíonn tuilleadh eolais, soiléirithe nó treorach uait chun iarratas a ullmhú, nó deimhniú a fháil faoi cé acu an struchtúr cosanta, struchtúr cosanta beartaithe, nó struchtúr atá laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta (LCA) é do struchtúr, déan teagmháil le Michael Scott, Oifigeach Feidhmiúcháin um Chaomhantas Ailtireachta i Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag conservation@galwaycity.ie nó 091 536 400.

Iarratas a Chur ar Aghaidh

Ní mór iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh tráth nach déanaí ná 5PM, DÉ hAOINE an 26 Meán Fómhair 2025 chuig conservation@galwaycity.ie nó chuig an Deasc Pleanála i Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Cathair na Gaillimhe.

Ní ghlacfar le hiarratais a fhaightear tar éis an dáta seo.

An méid cistithe atá ar fáil

Is féidir maoiniú deontais idir €2,500 agus €50,000 a dhámhachtain d’iarratasóirí rathúla SIOT-BHIS. Cuimsíonn SIOT-BHIS sruth maoinithe freisin le haghaidh cothabhála rialta agus deisiúcháin bheaga. Ní rachaidh luach iomlán an mhaoinithe phoiblí ar fad a chuirtear ar fáil thar 80% de chostas iomlán na n-oibreacha a ndearnadh iarratas orthu.

Tabhair faoi deara go mbeidh an cistiú cuid mhaith faoi 80% in go leor cásanna.

An Tráthchlár maidir le Críochnú na hOibre

Tiocfaidh fógra faoi chistí a cheadú go sealadach chuig na hiarratasóirí a n-éiríonn leo i naeanair bliana 2026 agus beidh na hoibreacha le tabhairt chun críche faoi mhí Dheireadh Fómhair 2026.

Oibreacha ar Ceadaíodh Cistí ina leith roimhe seo

Ceadaíodh cistí faoin SIOT i rith na mblianta roimhe seo i ndáil le réimse leathan oibreacha i gCathair na Gaillimhe. Áirítear orthu sin obair ar dhíonta (tuíodóireacht san áireamh), ar fhuinneoga (fuinneoga nua a fheistiú san áireamh) agus ar dhoirse, pláistéireacht taobh istigh, deisiú ballaí, pláistéireacht taobh amuigh agus eile. Rinneadh gach gné den obair de réir an tsárchleachtais caomhaontais ionas gur cinntíodh na déanmhais a fheabhsú agus a chosaint. 

Moltar don lucht iarratais athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na n-oibreacha / na ndéanmhas sa chiorclán treorach thíos a bhfuil agus nach bhfuil glacadh leo.

Pleanáil na nOibreacha


Tá de chuspóir leis an SIOT-BHIS an sárchleachtas agus na bunphrionsabail maidir le tógáil chaomhantais a chur chun cinn. Is tábhachtach an rud na prionsabail thíos a thabhairt san áireamh agus iarratas á ullmhú. Treiseoidh ráiteas soiléir faoi scóip na n-oibreacha agus na modhanna oibre ar léir go dtagann siad faoi anáil na bprionsabal seo le hiarratas agus cuideoidh sin lena chinntiú go dtugtar faoi na hoibreacha is oiriúnaí agus is géire a theastaíonn. 

Taighde agus Anailís – Tuiscint ar an déanmhas ó thaobh cúrsaí staire agus an riocht ina bhfuil sé faoi láthair.

Leas as Comhairle Saineolais – Éilítear faoin CDS go dtagann an obair faoi anáil duine den lucht caomhantais gairmiúil, nó nuair a bhaineann le hábhar, faoi anáil ceardaí oilte, agus go ndéanann an duine sin an obair.

An Leas Speisialta a Chumhdach – D’fhéadfadh gur soláimhsithe agus doláimhsithe an leas speisialta sa chaoi a mbeadh baint aige leis an gcuma atá ar dhéanmhas, leis an bhfeidhm atá leis nó leis an gceangal atá aige le duine, le dream nó leis an bpobal. I gcásanna go leor, bíonn leas speisialta soláimhsithe agus doláimhsithe le déanmhas cosanta nó le déanmhas in LCA. Leas Speisialta an bonn a bhíonn le déanmhas nó cloigín déanmhas a chumhdach agus tugtar san áireamh gnéithe Ealaíonta, Seandálaíochta, Ailtireachta, Cultúir, Staire, Sóisialta, Eolaíochta agus Teicneolaíochta. Má tá tú i d’úinéir nó i d’áitritheoir maidir le Déanmhas Cosanta nó le déanmhas i Limistéar LCA, tá catagóir áirithe de leas speisialata luaite leis an déanmhas nó leis an limistéar. 

A Laghad Beartaíochta agus is Féidir – Déantar an méid is gá agus a laghad is féidir. Cur chuige é seo a bhfuil ciall leis ó thaobh sárchleachtas ailtireachta agus luach an airgid.

Aird ar Athrú Roimh Ré – Tagann gach déanmhas faoi athrú le himeacht na mblianta agus na gcianta, is tábhachtach an rud aird agus meas a bheith ar athruithe a chuireann leis an leas speisialta a ghabhann le déanmhas.

Deisiú chun Tosaigh ar Ionadú – Ní féidir ábhar stairiúil an déanmhais a athrú; nuair a thugtar chun bealaigh é, tá sé imithe. Ba cheart gach dícheall a dhéanamh oiread den ábhar stairiúil agus is féidir a choinneáil nuair a dhéantar obair ar dhéanmhas stairiúil nó ar dhéanmhas in LCA.

Ionracas Deisiúcháin agus Athraithe – Ba cheart go mbeadh oibreacha nua, nuair is cuí iad, le haithint go caolaigneanta ó ábhar stairiúil / ó ghnéithe stairiúla.

Ábhar agus Modhanna Oiriúnacha – Ní mór oibreacha beartaithe a bheith ag teacht leis an mbunábhar sa déanmhas stairiúil agus leis an mínsaothrú air. Moltar cloí le cineálacha ábhair / modhanna oibre a bhfuil dea-theist orthu le himeacht aimsire. Is ceart a bheith aireach faoi ábhar nó modhanna oibre nua-aimseartha a úsáid agus bonn fianaise atá daingean ó thaobh na heolaíochta de a bheith lena n-oiriúnacht.

Iarghabháil – Is é is fearr, nuair is cuí, gur féidir toradh saothair a bhaint amach nó a athrú ar ais gan aon chur isteach suntasach ar an déanmhas stairiúil.

Damáiste de réir a chéile – D’fhéadfadh oibreacha, nach mór an tionchar is léir aon tráth ar bith acu ar dhéanmhas stairiúil, a bheith ina gcur isteach mór, ar a n-áireamh le chéile le hoibreacha beaga eile a dhéantar, ionas gur dochar buan suntasach a bhíonn ar an déanmhas.

Tarrthálas Ailtireachta a Sheachaint – ní ceart úsáid as ábhar a bhíodh i bhfoirgnimh eile a thapú murarb é an chaoi nach bhfuil an t-ábhar atá de dhíth á tháirgiú níos mó, gur féidir bunfhoinse an ábhair a dheimhniú, agus gur go dleathach a rinneadh an t-ábhar a thabhairt chun bealaigh.

Cáipéisí Iarratais agus Treorach - Íoslódáil