
Rinne Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins comóradh ar 25 bliain de Pháirc Foraoise Thír Oileáin mar cheiliúradh i gCathair na Gaillimhe inniu (Déardaoin an 6 Meitheamh 2025). Cuireadh 'Scamhóga Glasa' Chathair na Gaillimhe i dtús na bliana 2000, in aon lá amháin (an 12 Márta), nuair a tháinig breis agus 3,000 duine le chéile i bpáirc fholamh - agus iad ag fágáil i ndiaidh dóibh foraois a chur.
Mar chuid den imeacht, tugadh aitheantas do dhúthracht agus do thiomantas bhaill foirne Áineasa agus Taitneamhachtaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe; oibrithe deonacha ó Thuatha Pháirc Foraoise Thír Oileáin; agus an Uachtaráin Higgins – ar lena linn sin, agus é ina Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag an am (1993-1997), a fuair maoiniú don tionscadal foraoise nua.
Bhí Páirc Foraoise Thír Oileáin ar an tionscadal foraoise ba mhó i gceantar uirbeach i stair Stát na hÉireann, nuair a osclaíodh í don phobal den chéad uair i mí Márta na bliana 2000.
Ag caint dó ag gcomóradh 25 bliain ó osclaíodh Páirc Foraoise Thír Oileáin, dúirt Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, "Déanaimid ceiliúradh inniu ar an gcloch mhíle thábhachtach atá sa 25 bliain ó a d’oscail Páirc Foraoise Thír Oileáin go hoifigiúil. Faoi sheilbh agus faoi bhainistíocht Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus le cúnamh ó oibrithe deonacha as an bpobal, is mósáic iontach uirbeach de choillte, móinéir, bogaigh agus gnáthóga nádúrtha eile é Páirc Foraoise Thír Oileáin inniu. Chomh maith le luach taitneamhachta oideachais agus áineasa, cabhraíonn an pháirc freisin leis an tír a gealltanais idirnáisiúnta a chomhlíonadh maidir le dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide agus bithéagsúlachta trí ghníomhú mar doirteal carbóin agus tearmann fiadhúlra. Go maire Cosán na bhFilí agus Páirc Thír Oileáin mar fhoinse caithimh aimsire, folláine, barrmhaitheasa agus go deimhin tarchéimnithe sna blianta atá amach romhainn.
Mar chuid den chomóradh, chuir an tUachtarán Higgins crann darach díreach san áit chéanna inar chuir sé Rí-Dhair 25 bliana ó shin - a leagadh le linn Stoirm Éowyn.
Dúirt Méara Cathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Peter Keane, "Ba é Páirc Foraoise Thír Oileáin an chéad pháirc phoiblí in Éirinn a leagadh amach in éineacht le rannpháirtíocht an phobail agus léiriú ab ea an pháirc ar chomhpháirtíocht réamhghníomhach den scoth idir páirtithe leasmhara. Ar deireadh thiar, bhí an pháirc ina 'conair éiceolaíochta' ag fiadhúlra trínar ceanglaíodh uiscebhealaí na Coiribe a shreabhann tríd an gcathair leis na tailte feirme in oirthear na Gaillimhe. Mar gheall ar an tréimhse seo a bhaineann le Géarchéimeanna Aeráide agus Bithéagsúlachta, tá ról níos tábhachtaí fós ag an bpáirc seo. Trí chrann darach nua a chur, tugtar urraim don obair a rinne glúnta roimhe seo ar mhaithe leis an gcoillearnach a thabhairt chun críche, chomh maith le misneach a thabhairt don chéad ghlúin eile dul i mbun an chúraim agus an chéad 25 bliana eile de Pháirc Foraoise Thír Oileáin a fhógairt."
Dúirt Leonard Cleary, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, "Tá Páirc Foraoise Thír Oileáin ar pháirc amháin de thrí choillearnach mhóra atá sa chathair. Is ionann na crainn agus na plandaí i bPáirc Foraoise Thír Oileáin agus ribíní glasa ag sní tríd an éadach uirbeach, trí chonairí éiceolaíochta a chur ar fáil d'fhiadhúlra mar aon le bealaí siúil agus rothaíochta deasa a chur ar fáil do dhaoine, i bhfad ar shiúl ó bhóithre gnóthacha agus trácht. Léiríonn taithí dúinn go gcuidíonn cur chuige comhoibríoch idir an t-údarás áitiúil agus pobal na háite le braistint an phobail gur leosan an áit mar aon le mórtas ceantair a chothú. Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe dúthrachtach faoinár spásanna glasa ardchaighdeáin reatha a fhorbairt i gcomhar le pobail agus grúpaí deonacha.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Brendan Smith, Cathaoirleach ar Thuatha Pháirc Foraoise Thír Oileáin, "Is comhpháirtíocht iontach rathúil í Páirc Foraoise Thír Oileáin idir Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus pobal na Gaillimhe. Le hos cionn an ceathrú céid, tá thart ar 100,000 crann agus bláthanna fiáine dúchasacha Éireannacha curtha ag an bpobal idir scoileanna, cuairteoirí agus foireann na Comhairle Cathrach, rud a chruthaigh taipéis shaibhir de ghnáthóga fiadhúlra éagsúla do réimse leathan flóra agus fána atá suite ar cholbha lár na cathrach a nascann le huiscebhealaí ollmhóra Abhainn na Gaillimhe agus Loch Coirib, ceann de na ceantair bhithéagsúlachta is mó le rá sa tír.”
I láthair ag an ócáid, bhí Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins agus a bhean chéile Sabina Higgins; Méara Chathair na Gaillimhe, An Comhairleoir Peter Keane, liosta de na hairí, TDnna, Seanadóirí, Comhaltaí Tofa de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, baill foirne ó Áineas agus Taitneamhachtaí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe, oibreacha deonacha de chuid Tuatha Pháirc Foraoise Thír Oileáin agus múinteoirí agus daltaí ó Scoil Pharóiste San Nioclás, Scoil Náisiúnta an Chaisleáin Ghearr agus Scoil San Phroinsias.
Cuireadh saothair ealaíne de chuid na leanaí ón trí scoil - inar samhlaíodh todhchaí na foraoise 25 bliana ó shin - ar taispeáint in éineacht le saothair ealaíne chomhaimseartha ón trí scoil chéanna inar léiríodh conas mar a d'fhorbródh an choillearnach dhúchasach faoi mar atá ann inniu amach sa todhchaí.
Chruthaigh an t-ealaíontóir Tommy Carew, atá lonnaithe i nGaillimhe, cúig phíosa ealaíne as an Rí-Dhair a leagadh le linn Stoirm Eowyn, agus bronnadh iad sin thar ceann mhuintir Chathair na Gaillimhe ar Uachtarán na hÉireann Michael D. Higgins; ar Mhéara Chathair na Gaillimhe, An Comhairleoir Peter Keane; ar Phríomhfheidhmeannach GCC, an tUasal Leonard Cleary; ar Chathaoirleach Tuatha i bPáirc Foraoise Thír Oileáin, an tUasal Brendan Smith, agus ar Cheannfort Páirceanna Fheidhmeannas Sinsearach GCC, an tUasal Stephen Walsh.
Chomh maith leis sin, nocht an Méara Peter Keane agus an tUasal Brendan Smith plaic filíochta ina raibh filíocht de chuid Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins. Tá an dán, ‘The Mountain’, tiomnaithe d'iníon an Uachtaráin, Alice-Mary, a bhí i láthair ag an searmanas. Is cuid de dhíolaim filíochta le Michael D. Higgins dar teideal "The Season of Fire" (1993) atá an dán, agus beidh sé ina chuid de 'Slí na bhFilí' i bPáirc Foraoise Thír Oileáin.