
Tá an-áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe “Ag Leanúint leis an gComhrá” a fhoilsiú - tuarascáil rannpháirtíochta ina dtugtar achoimre ar an gclár leathan comhairliúchán poiblí i mBóthar na Trá, ar cuireadh tús leis i mí Feabhra 2025, agus a mbainfear leas as i gCreatphlean Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá. I gcomhar leis na speisialtóirí deartha agus rannpháirtíochta uirbí, Allies and Morrison, chuaigh foireann ó Halla na Cathrach timpeall Bhóthar na Trá, ag labhairt le grúpaí áitiúla pobail, gnó agus fóillíochta chun tuairimí a bhailiú maidir leis na rudaí is fearr le daoine faoi Bhóthar na Trá agus faoi na rudaí sa gceantar a d’fhéadfadh muid a fheabhsú. Is féidir le daoine den phobal leanúint leis an bplé ag ócáid chomhairliúcháin ar féidir bualadh isteach chuici Dé Céadaoin an 25 Meitheamh, ón 12pm - 2.30pm, in Óstán Chuan na Gaillimhe. Is féidir breathnú ar an Tuarascáil agus a íoslódáil ag www.GalwayCity.ie/SalthillFramework
Is í seo an chéad chéim rannpháirtíochta do thionscadal Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá agus ba mhaith le foireann an tionscadail buíochas a ghabháil le gach duine a d’fhreastail ar chruinnithe, a scríobh a gcuid barúlacha, a sheol ríomhphoist, nó a labhair leis an bhfoireann ar an bpromanáid.
Dúirt an Pleanálaí Sinsearach le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Eoghan Lynch:
“Tugtar le fios tríd an leibhéal ard rannpháirtíochta pobail go bhfuil an-ghean ag daoine ar Bhóthar na Trá. Léirítear leis an leibhéal spéise atá ag daoine i mBóthar na Trá agus i bpleanáil do thodhchaí an cheantair. Bailíodh os cionn 1,500 barúlacha ó níos mó ná 400 rannpháirtí, agus cuireadh 861 suirbhé i gcrích ar an iomlán. Léirítear san eolas, san fhaisnéis agus sna tuairimí a roinn daoine le cúpla mí anuas na rudaí is mó a thaitníonn le daoine faoi Bhóthar na Trá, agus na háiteanna a bhfuil athruithe agus feabhsuithe ag teastáil. Cuirtear tuiscint dhomhain ar fáil leis atá lárnach i bhfís a thabhairt chun cinn de réir a chéile agus i gcreat a fhorbairt don áit.
Tugtar achoimre sa tuarascáil “Ag Leanúint leis an gComhrá” ar na príomhcheisteanna a thagann ón bpróiseas rannpháirtíochta atá roinnte i dtrí phríomhthéama - Gluaiseacht; Spás agus an Timpeallacht; agus Úsáidí agus Gníomhaíochtaí.
Gluaiseacht
Is príomhthosaíocht í an inrochtaineacht, agus aithníodh neart deiseanna chun siúl a dhéanamh níos sábháilte agus níos compordaí trí chosáin a fheabhsú, níos mó trasrianta a dhéanamh agus uasghrádú a dhéanamh ar an bpábháil. Leagadh béim ar phointí rochtana rampa, inrochtaineacht don uile dhuine agus feasacht fhoriomlán ar cheisteanna inrochtaineachta. Ba phríomhcheist freisin feabhas a chur ar rochtain do shiúlóirí idir an promanáid agus an sráidbhaile.
Tháinig rothaíocht shábháilte chun cinn mar ábhar mór imní, agus rinneadh moltaí éagsúla chun an bonneagar rothaíochta a fheabhsú ar mhaithe le sábháilteacht agus compord a fheabhsú do rothaithe - seastáin rothar feabhsaithe agus lánaí nó bealaí tiomnaithe ina measc.
Bhain sciar mór de na barúlacha le bóithre, le héileamh ar bhrú tráchta a laghdú, áiteanna do charranna a choinneáil, agus páirceáil carranna a choinneáil saor in aisce. Bhí an chuid is mó den aiseolas maidir le hiompar poiblí dírithe ar acmhainneacht, iontaofacht, agus tarraingteacht busanna mar rogha mhalartach ar charranna príobháideacha i gcomhair rochtain a fháil ar Bhóthar na Trá.
Spás agus an Timpeallacht
Sócmhainn a bhfuil meas mór uirthi is ea an Phromanáid, agus in éineacht leis an bhfarraige, tá ról lárnach acu i bhféiniúlacht agus i gcarachtar Bhóthar na Trá. Luadh an Charraig Dhubh, tránna agus snámh go minic, agus bhí moltaí dírithe ar shábháilteacht, ar ghlaineacht na trá agus ar rochtain a fheabhsú. Luadh ceisteanna amhail salú madraí, cothabháil, soláthar boscaí bruscair, síneadh a chur leis an bPromanáid agus áiseanna a fheabhsú do shnámhaithe. Luadh ábhar buartha maidir le cáilíocht an uisce agus éiceachórais mhuirí áitiúla a chosaint agus a fheabhsú.
Ba cheist chriticiúil a bhí san athrú aeráide maidir le Bóthar na Trá agus léirigh an suirbhé tacaíocht láidir do thaisteal gníomhach, iompar poiblí a fheabhsú, cosaintí ó thuilte, agus níos mó limistéir a ghlasú agus a phlandú mar phríomhstraitéisí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide.
Úsáidí agus Gníomhaíochtaí
Leag freagróirí an tsuirbhé béim ar an tábhacht a bhain le háiseanna agus saoráidí cuí a chinntiú agus grúpaí éagsúla a mhealladh, déagóirí, daoine fásta níos sine agus teaghlaigh ina measc. Thug an suirbhé agus na barúlacha le fios go bhféadfaí áiseanna breise a chur ar fáil i mBóthar na Trá, amhail spásanna poiblí faoi dhíon agus faoin spéir, áiseanna óige, margaí agus tairiscintí miondíola.
Na Chéad Chéimeanna Eile:
Bainfidh foireann an tionscadail leas as an aiseolas ón gcomhairliúchán anois chun an chéad chéim eile de Chreat Shráidbhaile agus Chladach Bhóthar na Trá a mhúnlú, an fhís agus príomhsmaointe don todhchaí ina measc.
Chun an tuarascáil rannpháirtíochta a phlé agus an chéad chéim eile den tionscadal a mhúnlú, an fhís agus príomhsmaointe don todhchaí ina measc, ba mhaith le foireann an tionscadail go mbuailfeadh daoine den phobal isteach chuig ócáid chomhairliúcháin
- Dé Céadaoin an 25 Meitheamh
- ón 12pm - 2:30pm
- i Svuít Leitir Móir in Óstán Chuan na Gaillimhe.
Téigh chuig an suíomh gréasáin www.GalwayCity.ie/SalthillFramework chun tuilleadh eolais a fháil nó déan teagmháil le duine d’fhoireann an tionscadail i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar (091) 354 101.